An bhfaca tú an chúilfhionn ‘s í ag siúl ar na bóithre,
Maidin gheal drúchta ‘s gan smúit ar a bróga?
Is iomaí ógánach súilghlass ag tnúth lena pósadh,
Ach ní bhfaigheann siad mo rúnsa
Ar an gcuntas is dóigh leo.
An bhfaca tú mo spéirbhean lá breá is í ina h-aonar,
A cúl dualach drisleanach go slinneán síos léi?
Mil ar an ógbhean is rós breá ina h-éadan,
‘S is dóigh le gach spreasán gur leannán leis féin í.
An bhfaca tú mo bhábán ‘s í taobh leis an toinn,
Fáinní óir ar a méara sí ag réiteach a cinn?
‘Sé dúirt an Paorach a bhí ina mhaor ar an loing,
Go mb’fhearr leis aige féin í ná Éire gan roinn.