100 bliain ó shin: Éiríonn Trótscaí as

Aindrias Ó Cathasaigh

Céad bliain go ham seo, d’éirigh Leon Trótscaí as rialtas Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha. Coimeasár cogaíochta a bhí ann ó 1918, agus é ina laoch mór san Arm Dearg a throid le réabhlóid na Rúise a chosaint ar na naimhde amuigh is istigh a bhí ag iarraidh í a thachtadh. Faoi 1925, áfach, bhí a thionchar ag gabháil i léig.

Bliain roimhe sin, fuair Vlaidímír Leinín bás, agus níor léir cé a bheadh in uachtar sa bPáirtí Cumannach ina dhiaidh. D’fhág sé teachtaireacht ag moladh don pháirtí post an ardrúnaí a bhaint d’Iósaf Stailín ó bhí an iomarca cumhachta faighte aige, agus ag rá go mba é Trótscaí “an duine is cumasaí ar an lárchoiste”. Ach thug Stailín na cosa leis.

Sheas lucht na réabhlóide air ariamh nach bhféadfadh sí maireachtáil sa Rúis amháin, go gcaithfeadh réabhlóidí eile a theacht sna sála uirthi i dtíortha eile. Bhí réabhlóidí ann ar fud an hEorpa ina diaidh, ach nuair nár éirigh leo, fágadh an Rúis ar an trá fholamh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!