Diarmuid Breatnach
Dé Luain na seachtaine seo bhris ollstailc amach i mbaile Jenin ar an mBruach Thiar sa Phalaistín, ní i gcoinne Iosrael ach i gcoinne Údarás na Palaistíne, de bharr eachtraí an deireadh seachtaine agus a gcúlra.
Tar éis léigear cúig lá ag fórsaí slándála an Údaráis ar Jenin, maidin Dé Sathairn rinneadar ruathar ar champa teifeach na cathrach. Mharaíodar Yazid Ja’ayseh, ceannaire ar bhriogáid áitiúil de throdairí Jiohad Ioslamach agus páiste, Mohammad al-Amer.
Is teifigh agus a sliocht ó 1953 iad formhór na ndaoine atá ina gcónaí in Jenin, croíthailte frithbheartaíochta an Bhruaigh Thiar. Deir Údarás na Palaistíne gur ag iarraidh an dlí a chur i bhfeidhm atá siad ach measann a lán daoine gurb é cloí throdairí Jenin cuspóir an Údaráis, d’fhonn talamh a ullmhú d’ionghabháil an Bhruaigh Thiar ag stát Iosrael, mar atá beartaithe ag an Aire Airgeadais Bezalel Smotrich don bhliain seo chugainn.
Ach is fada ionsaithe an Údaráis ar siúl ar throdairí na Palaistíne ar an mBruach Thiar. Ar an 9ú lá den mhí seo mharaigh fórsaí slándála Údarás na Palaistíne Rahbi Shalabi, 19, an deichiú duine a maraíodh ó Mheán Fómhair anuraidh, agus ghoineadar go dona col ceathrar le Shalabi san eachtra céanna.
Dhá uair i rith na bliana tháinig pobal na háite amach i gcoinne fhórsaí Údarás na Palaistíne chun bac a chur leo trodairí gonta a ghabháil san oispidéal. Ach ní le trodairí amháin a nochtar a naimhdeas.
Ag tús mhí Dheireadh Fómhair thug Ahmad Qhassan Quzah, oifigeach sinsearach den fhórsa, léasadh do Laith Jaar, iriseoir de chuid Al Jazeera, agus bhagair ar an íobartach é a mharú. Nuair a d’imigh an t-iriseoir chuig oifig an Údaráis chun clamhsán faoin léasadh agus bagairt, gabhadh agus cuireadh faoi ghlas é.
I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite mharaigh na fórsaí slándála Razan Nazralla, 12 bhlian d’aois, le linn ionsaithe ar léirsiú ag éileamh dlúthbheartaíocht le muintir Ghaza.
Rinneadh bagairt ar an ngníomhaí agus criticeoir Nizar Banat, iarbhall de Fatah, chomh minic sin go ndeachaidh sé chun cónaí sa cheantar atá faoi riail Iosrael in ionad a bheith i gcontúirt ag an Údarás. Ach fuair an tÚdarás cead ó Iosrael dá chuid fórsaí slándála agus ar an 24 Meitheamh 2021 ghabhadar Nizar agus thug siad léasadh dó. Fuair Nizar bás uair a chloig ina dhiaidh sin agus iad á iompar chuig an otharlann.
Deir óglaigh na Palaistíne agus a lán eile gur ar son stát Iosrael a oibríonn an tÚdarás, ag spiaireacht do sheirbhísí faisnéise Iosrael agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fhrithbheartaíocht na bPalaistíneach. Tá sé curtha i leith an Údaráis ag a lán eagraíochtaí neamhrialtasacha go bhfuil sé lofa le breabaireacht agus le caimiléireacht. Deirtear an rud céanna faoi Fatah, an páirtí polaitiúil atá i bhfeighil air.
Bíonn fórsaí slándála an Údaráis go minic ag cuardach airm na dtrodairí agus ag scriosadh pléascáin ullmhaithe ag na trodairí mar chosaint ar ionradh arm Iosrael.
Bunaíodh an tÚdarás ar bhunús sealadach in 1994 mar chuid de ‘Phróiséas na Palaistíne’ agus Comhaontuithe Osló, ach tá a thréimse ceithre bliana sáraithe aige i bhfad ó shin. Is faoin dream polaitiúil Fatah atá sé, agus é maoinithe ag na Stáit Aontaithe agus ag an Aontas Eorpach, cé gur ag Hamas a bhí an bua sna toghcháin in 2006.
Chomh maith le cúram an Údaráis smacht a choinneáil ar na Palaistínigh ar an mBruach Thiar, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, i mí na Samhna 2023 go bhféadfar Gaza a chur lena chúram freisin tar éis Hamas a chloí ansin, rud nár tharla fós agus nach cosúil to dtarlóidh. Tá sé ráite ag Uachtarán an Údaráis, Mahmoud Abbas, go mbeadh sé sásta glacadh leis an gcúram céanna.
Is deacair a shamhlú nach ag ag géarú a bheas an choimhlint idir muintir Jenin agus an tÚdarás.