Tá toradh cinnte againn ar olltoghchán stát na sé chontae is fiche a ritheadh Dé hAoine seo caite agus níl morán amhrais ann maidir lena bhfuil i ndán dúinn do na cúig bliana amach anseo. Bhí bua suntasach ag an rialtas reatha de chuid Fhianna Fáil agus Fine Gael, cé go raibh na Glasaigh beagnach glanta amach go hiomlán, mar is minic a tharlaíonn do na mionpháirtithe a théann isteach i gcomhrialtas. Ní raibh morán idir na pobalbhreitheanna a ritheadh roimhe agus an toradh an toghcháin dheireanaigh. Theip glan ar an bpríomhpháirtí freasúra Sinn Féin an pobal a spreagadh ar son athrú rialtais.
Seo na torthaí:
- Fianna Fáil le 48 suíochán (+10) ar 21.9% (-0.3) den vóta – 481 míle vóta (lúide 3 míle ó 2020);
- Sinn Féin le 39 suíochán (+2) ar 19% (-5.5) den vóta – 419 míle vóta (lúide 117 míle ó 2020);
- Fine Gael le 38 suíochán (+3) ar 20.8% (-0.1) den vóta – 458 míle vóta (móide 2 mhíle ó 2020);
- Na Daonlathaithe Sóisialta le 11 suíochán (+5) ar 4.8% (+2.0) den vóta – 106 míle vóta (móide 43 míle ó 2020);
- Lucht OIbre le 11 suíochán (+5) ar 4.7% (+0.3) den vóta – 102 míle vóta (móide 6 mhíle ó 2020);
- Éire Neamhspleách le 4 shuíochán (+1) ar 3.6% (-) den vóta – 78 míle vóta (ní raibh ann dóibh i 2020);
- Daoine roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht le 3 shuíochán (-2) ar 2.8% (+0.2) den vóta – 62 míle vóta (móide 5 mhíle ó 2020);
- Aontú le 2 shuíochán (+1) ar 3.9% (+2.0) den vóta – 41 míle vóta (móide 45 míle ó 2020);
- An Comhaontas Glas le suíochán amháin (-11) ar 3.0% (-4.1) den vóta – 67 míle vóta (lúide 89 míle ó 2020);
- Páirtithe eile le suíochán amháin (-) ar 2.3% den vóta – 51 míle vóta (móide 33 míle ó 2020);
- Neamhspleáigh le 16 suíochán (-3) ar 13.2% (+1.0) den vóta – 291 míle vóta (móide 25 míle ó 2020).
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!