Súil le teachta neamhspleách a bheith sa chomh-aireacht

Bill Breathnach

Tá comhrialtas idir Fianna Fáil, Fine Gael agus Grúpa Réigiúnach na Neamhspleách nach mór socraithe dar le foinsí i dTeach Laighean. Tá an-seans ann go gceapfar duine de na neamhspleáigh sin ina Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Chomh maith leis sin, beidh ochtar ó Fhianna Fáil sa gcomh-aireacht in éindí le seisear ó Fhine Gael. Ciallaíonn sé seo  go mbeidh dhá phost sa mbreis ag Micheál Martin le bronnadh agus ceann amháin eile le tabhairt amach ag Simon Harris.

Tá tuairim ann gur mhill Páirtí an Lucht Oibre aon seans a bhí acu páirt a ghlacadh sa rialtas nua nuair a d’éiligh siad trí phost sa gcomh-aireacht mar a bhí ag na Glasaigh sa rialtas deireanach.

Beidh iomaíocht ar leith ann idir na neamhspleáigh don suíochán comh-aireachta, go háirithe idir polaiteoirí sinsearacha cosúil le Seán Canney (Gaillimh Thoir), Kevin ‘Boxer’ Moran (an Longfort/an Iarmhí), Marian Harkin (Sligeach/Liatroim) agus Noel Grealish (Gaillimh Thiar).

Bhíothas ag súil go mbeadh Verona Murphy as Loch Garman san iomaíocht ach toghadh í mar Cheann Comhairle Dé Céadaoin seo caite. Is í Murphy an chéad bhean agus an chéad Charmanach a ceapadh sa ról seo riamh.

Chuidigh tacaíocht ó Mhícheál Martin agus Simon Harris go mór léi sa toghchán seo agus deirtear gur chomhartha dea-mhéine a bhí ann ó cheannairí na bpáirtithe móra don Ghrúpa Réigiúnach Neamhspleách.

Tá an seans an freisin go ligfidh sé seo d’Fhianna Fáil nó Fine Gael ról amháin eile mar aire stáit a choinneáil dóibh féin.

Sular thosaigh Murphy sa bpolaitíocht, bhí sí mar uachtarán ar Chumann Tarlaithe Bóthair na hÉireann (IRHA), a dhéanann ionadaíocht ar son na hearnála iompair earraí lastais bóthair in Éirinn.

Mar Cheann Comhairle déanfaidh Murphy ionadaíocht ar an Dáil nuair a chasfaidh sí le toscaireachtaí as tíortha eile. D’fhéadfadh sé seo a bheith fiúntach don earnáil iompair earraí, a bhraitheann go mór ar chaidreamh idirnáisiúnta agus trádáil

Tá an teachta as Loch Garman tar éis clú a bhaint amach di féin mar pholaiteoir a bhfuil tuairimí láidre aici, ach beidh uirthi a bheith neamhchlaonta agus cáiréiseach le clár oibre na Dála a shocrú.

Tuairiscíodh go raibh argóint achrannach idir Murphy agus polaiteoir áitiúil i Loch Garman nár ainmníodh níos túisce i mbliana. Chomh maith leis sin, rialaigh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre i gcoinne Murphy in 2018 nuair a chuir fostaí ina leith go raibh bulaíocht déanta aici uirthi.

Ní thabharfar ról foirmiúil do Michael Lowry, cé gur fheidhmigh sé mar cheannaire de facto ar an nGrúpa Réigiúnach Neamhspleách sna cainteanna go dtí seo.

Deir foinsí i dTeach Laighean go dtuigeann sé féin go mbeadh sé róchonspóideach é a cheapadh ina aire nó aire stáit. Mar sin tá an teachta as Tiobraid Árann breá sásta tionchar a bheith aige ar an rialtas ar bhonn neamhfhoirmiúil.

Cúisíodh Michael Lowry i gcionta cánach in 2018 agus cuireadh cosc air a bheith ina stiurthóir cuideachta ar feadh trí bliana.

Chomh maith leis sin, chinn Binse Moriarty in 2011 go raibh imghabháil cánach á chleachtadh aige.

Rinne an Taoiseach Simon Harris cosaint ar chinneadh a pháirtí dul i mbun cainteanna le Lowry an tseachtain seo.

“Caithfimid a chuimhneamh gur vótáil líon an-mhór den phobal don Teachta Lowry i dTiobraid Árann go mion minic tar éis Bhinse Moriarty”, a dúirt sé.

“I mo thuairimse, is é an rud is tábhachtaí an clár polasaithe a chuireann an rialtas i bhfeidhm.”

Cé go bhfuil naonúr neamhspleách mar chuid den Ghrúpa Réigiúnach, ní hé sin le rá go dtacóidh gach duine acu leis an rialtas.

Ceaptar go bhfuil fonn ar Barry Heneghan a bheith ina aire stáit le freagrachtaí as cúrsaí míchumais, ról a bhí ag a mheantóir Finian McGrath.