Is cúis mhór áthais agus bhroid é do Chill Dara le Gaeilge seoladh an dara plean teanga don chontae, “Plean don Ghaeilge i gContae Chill Dara 2024-2030” a fhógairt.
Cloch mhíle é seoladh an phlean seo do Chontae Chill Dara ós rud é nach bhfuil plean teanga contae scríofa ag contae ar bith eile sa tír go dtí seo. Ag labhairt dóibh ag an seoladh in Áras Chill Dara an 19 Samhain, dúirt an Comhairleoir Joe Neville, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Chill Dara, gur spreagadh é an plean seo dó féin go pearsanta tuilleadh Gaeilge a úsáid, agus mhol Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge go hard an obair cheannródaíoch atá ar siúl ag Cill Dara le Gaeilge Agus an seoladh á fhógairt aige, seo mar a labhair Daithí de Faoite, Cathaoirleach, Cill Dara le Gaeilge: