Scoil Éanna, Tionscnamh Réabhlóideach sa Ghaeloideachas

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an píosa thíos agus freagair na ceisteanna. Tá innéacs faoin sliocht chun cuidiú leat

Tá a fhios ag gach éinne faoi na laochra Gaeil a throid ar son na hEireann um Cháisc 1916, ach an raibh a fhios agat go raibh roinnt acu ina n-oidí agus daltaí san aon scoil amháin?

Scoil Éanna i Ráth Fearnáin mar a bhí

Bunaíodh Scoil Éanna, a ainmníodh as Naomh Éanna ón Árainn, in 1908. Pádraig Mac Piarais a bhunaigh. I dtosach báire1 bhí an scoil lonnaithe i dTeach Fhiodh Cuillinn i Raghnallagh ach bhogadar go Ráth Fearnáin in 1910 go píosa talún a cheannaigh an Piarsach. Roghnaigh an Piarsach an áit mar bhí stair fhada Ghaelach ar an láthair a chuaigh chomh fada siar leis na Fianna. Chomh maith leis sin, ba laoch pearsanta é Roibeard Eiméad don Phiarsach, agus bhí sé de nós ag Eiméad agus a ghrá geal, Sarah Curran, dul ar shiúlóidí timpeall an cheantair. Bhí an scoil lonnaithe i seanteach álainn darb ainm an Díseart (the Hermitage i mBéarla). Tá an láthair ina hiarsmalann2 sa lá atá inniu ann faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí.

Scoil Éanna i Ráth Fearnáin mar atá sé anois

Ón tús, ba léir gur tionscnamh réabhlóideach Gaelach a bhí i Scoil Éanna. Bhí an Poblachtánachas fite fuaite3 in éiteas na scoile. Léiríonn mana na scoile é seo go soiléir, “Glaine ár gcrói, neart ár ngéag, agus beart de réir ár mbriathar”. Mana na bhFiann atá ann agus bhí stair an Phoblachtánachais agus finscéalta4 ag croílár churaclam na scoile. Chomh maith leis sin bhí sé de nós ag an bPiarsach aoichainteoirí5 a thabhairt isteach sa scoil chun léachtaí a thabhairt do na daltaí. Ba phearsaí lárnacha iad in athbheochan na Gaeilge, Óglaigh na hÉireann, nó san athbheochan litríochta. Tháinig Dubhghlás de hÍde isteach chun léacht a thabhairt ar thábhacht na Gaeilge, agus bhí léachtaí ann ó Eoin Mac Néill agus William Butler Yeats. Tá sé tábhachtach a rá freisin go raibh dearthair an Phiarsaigh, Liam Mac Piarais, ann mar mhúinteoir ealaíne, agus bhí Tomás Mac Donnacha ann mar mhúinteoir tíreolaíochta agus é in leas-phríomhoide. Chomh maith leis sin, ghlac 15 iarscoláire páirt in Éirí Amach na Cásca. Ní féidir a shéanadh gur scoil faoi leith a bhí i Scoil Éanna, a thóg an chéad chéim shuntasach6 i stair an Ghaeloideachais. Ceannródaithe7 ab ea iad an dream a bhunaigh Scoil Éanna. agus dúinne múinteoirí agus scoláirí i nGaelscoileanna nó Gaelcholáistí, ba chóir dúinn meon an Phiarsaigh agus mana Scoil Éanna a bheith i bhfeidhm againn agus muid ar scoil.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cé a bhunaigh Scoil Éanna?
  2. Cathain a bunaíodh an scoil?
  3. Cé ar ainmníodh an scoil as?
  4. Cérbh é mana na scoile?
  5. Ainmnigh aoichainteoir amháin a thug cuairt ar an scoil.
  6. Cé mhéad dalta de chuid Scoil Éanna a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca?

Tuairimíocht

  1. An bhfuil mórán difríochtaí idir do scoil féin agus Scoil Éanna? Liostaigh na difríochtaí agus na cosúlachtaí.
  2. Céim mhór shuntasach ab ea oscailt Scoil Éanna. An aontaíonn tú leis an ráiteas seo? Mínigh.

Ceapadóireacht

Samhlaigh gur tusa Pádraig Mac Piarais. Tá tú tar éis cruinniú a fhógairt do thuistmitheoirí a bhfuil suim a gcuid páistí a sheoladh chuig Scoil Éanna. Scríobh óráid chun a chur ina luí orthu gur scoil bhreá atá agat. Labhair faoi na buntáistí a bhaineann le Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí.

  1. Ar an gcéad dul síos ↩︎
  2. Musaem ↩︎
  3. Ar fud na scoile ↩︎
  4. Seanscéalta ar nós An Bradán Feasa, Earcail srl ↩︎
  5. Cuairteoirí a thagann isteach sa scoil chun caint a thabhairt ↩︎
  6. Thar a bheith tábhachtach ↩︎
  7. Na chéad daoine a dhéanann rud nua ↩︎