Mattie McGrath i dtóin poill de bharr achrann le na neamhspleáigh eile

Baol ann nach mbeidh cearta labhartha ag an dTiobraid Árannach sa Dáil nua

Bill Breathnach

Níl aon chearta labhartha ag Mattie McGrath sa Dáil mar níl aon ghrúpa teicniúil sásta glacadh leis go fóill.

Le go mbeadh cearta labhartha ag teachta neamhspleách nó páirtí beag, caithfidh siad a bheith mar bhall de ghrúpa de chúigear ar a laghad.

Ach tá sé tugtha le fios go bhfuil achrann éigin ann idir an teachta as Tiobraid Árann Theas agus na trí ghrúpa theicniúla sa Dáil.

Ciallaíonn sé seo go mbeidh ar McGrath a iarraidh ar pholaiteoirí nó páirtithe eile cuid dá n-am labhartha féin a thabhairt dó.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!