Kneecap ar an ngearrliosta do Ghradam Oscar

Cóilín Duffy

Beidh an ceolscannán Kneecap agus The Winter Coat ó Shaoirse Ronan ón dráma cogaidh Blitz le feiceáil ar ghearrliostaí na nOscars atá fógartha roimh ainmniúcháin na míosa seo chugainn.

Tá an scannán Kneecap ar an ngearrliosta don Ghnéscannán Idirnáisiúnta is Fearr in éineacht le Santosh ón Ríocht Aontaithe, Armand ón Iorua agus Emilia Pérez ón bhFrainc.

Ar an ngearrliosta freisin tá I’m Still Here (an Bhrasaíl), Universal Language (Ceanada), Waves (Poblacht na Seice),The Girl with the Needle (an Danmhairg), The Seed of the Sacred Fig (an Ghearmáin), Touch (an Íoslainn), Vermiglio (an Iodáil), Flow (An Laitvia), From Ground Zero (an Phalaistín), Dahomey (an tSeineagáil) agus How To Make Millions Before Grandma Dies (an Téalainn).

Ba iad Steve McQueen, Taura Stinson agus an cumadóir Nicholas Britell, a ainmníodh trí huaire d’Oscar, a scríobh Winter Coat.

Tá Kneecap ar an ngearrliosta chomh maith in éineacht le Winter Coat sa chatagóir Amhrán Bunaidh is Fearr dá n-amhrán Sick In The Head.

Idir an dá linn, tá The Apprentice, arna léiriú ag an gcomhlacht léiriúcháin Éireannach Tailored Films, ar an ngearrliosta sa chatagóir Smidiú agus Gruaig is Fearr.

Ar an ngearrliosta don Ghearrscannán Beo-aicisin is Fearr tá na scannáin Éireannacha Room Taken, atá maoinithe faoin scéim shuaitheanta Focus Shorts de chuid Fhís Éireann agus arna stiúradh ag TJ O’Grady Peyton, chomh maith le Clodagh, arna stiúradh ag Portia A. Buckley.

Rachaidh na scannáin ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de na hainmniúcháin anois, áit a roghnóidh baill an Acadaimh ón liosta laghdaithe iomaitheoirí i ngach catagóir chun na cúig ainmní deiridh a roghnú.

Fógrófar na hainmniúcháin Oscar deiridh ar an 17 Eanáir.

Is éard atá i scannán mór le rá an scríbhneora-stiúrthóra Rich Peppiatt, Kneecap, an triúracht rap ó Bhéal Feirste den ainm céanna, agus insíonn sé a scéal tionscnaimh “círéibeach agus ceannródaíoch”.

Is iad Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí na príomhpháirteanna sa scannán mar iad féin in éineacht le hainmní Oscar Michael Fassbender, Simone Kirby, Josie Walker, Fionnuala Flaherty, Jessica Reynolds agus Adam Best.

Ag labhairt dó faoi bheith ar an ngearrliosta, dúirt Peppiatt: “Dá siúlfadh duine éigin isteach sa teach tábhairne in 2019 – thiar nuair a bhí mé féin agus Kneecap go fóill ag cumadh is ag ceapadh a bhféadfadh a bheith sa scannán seo – agus gur inis siad dúinn go mbeimis cúig bliana ina dhiaidh sin san iomaíocht le haghaidh Oscar, is dócha go n-iarrfaimis muid smailc de cibé a bhí á chaitheamh acu…

“Ba thuras thuas seal thíos seal a bhí ann, ina raibh méid ollmhór d’obair chrua agus neart spraoi, agus is cinnte gur bealach iontach le clabhsúr a chur ar an iomlán a bheadh ann cairpéad dearg beannaithe Hollywood sin a bhaint amach.”
Is é Kneecap an tríú scannán Éireannach atá ar an ngearrliosta sa chatagóir Gné Idirnáisiúnta is Fearr i ndiaidh Viva agus An Cailín Ciúin.