Gisèle Pelicot – Comhthoil, Ionracas agus Obair le Déanamh

D’athraigh Gisèle Pelicot ár meon, an feimineachas sa Fhrainc agus ar fud na cruinne, agus d’fhoghlaimíomar an iliomad uaithi.

Lisa Nic an Bhreithimh

Dúirt Gisèle Pelicot go bhfuil sé in am anois don náire a bheith ar an taobh eile, a aistriú ón íospartach go dtí an coireach. D’athraigh sí féin, a hionracas agus a crógacht, agus a scéal coscrach an Fhrainc agus an domhan go deo.

Shuigh Gisèle sa chúirt ón 2 Meán Fómhair go dtí an 16 Nollaig 2024 ag éisteacht le scéalta a fir céile féin agus 50 fear eile a rinne ionsaithe gnéis uirthi nó a rinne iarracht ionsaí a dhéanamh. Bhreathnaigh sí ar ghrianghraif agus ar fhíseáin díobh seo i mbun na ngníomhartha. Sheas lucht tacaíochta lasmuigh den chúirt di i rith na trialach. Toisc an cinneadh a rinne sí a hanaithnideacht a tharscaoileadh, chuala an domhan mór a scéal agus foghlaimíodh uaidh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!