Tá géarú sa bhreis sa chogadh idir an Rúis agus an Úcráin i dteannta lena dtacadoirí Iartharacha tar éis do ghníomhairí rúnda de chuid na hÚcráine an Ginearál Igor Kirillov agus a chuntóir a mharú le bob-bhuama cianrialaithe. Ba shaineolaí ar leith é Kirillov ar airm ollscriosta, go háirithe sna réimsí ceimiceacha agus bitheolaíocha agus an éifeacht a bhíonn acu ar láithreacha cogaidh agus ar dhaonraí a ionsaítear. Bhí sé i gceannas ar rannóg d’arm na Rúise atá freagrach as saighdiúirí agus an pobal a chosaint ón gcineál seo cogaíochta.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!