Easpa Siúlán i Lár Tíre
A chara,
Ó bhog mé go lár tíre le tamall anuas tugaim suntas don easpa siúlán atá ar fáil ann. Murab ionann agus contaetha atá buailte leis an gcósta, níl tránna, cladaigh ná ailte le siúl orthu, dár ndóigh.
Cinnte, tá corrfhoraois, eastát de chuid seantigh mhóir anseo is ansiúd, loch nó dhó, agus stráicí canálacha, a fheileann don siúl in amanna. Tríd is tríd, faraor, tá ganntanas rogha siúlán ann i ngaireacht do dhaoine.
Cúis amháin leis seo ná an easpa foraoiseacha i lár na tíre. Deirtear go bhfuil na sé chontae is fiche ar cheann de na stáit is measa de san Eoraip i dtaobh clúdach foraoise de. Níl ach 11% den stát clúdaithe ag forais – ach is plandálacha ar nós na gcrann Sitka é 9% de sin, rud a chiallaíonn gurb ionann an clúdach de chrainn dhúchasacha agus 2%.
Rud eile de, níl ceart bealaigh ag daoine ar thailte feirmeoirí ná ar eastáit mhóra. In 2013 chuir an Chúirt Uachtarach bac ar dhaoine i Sligeach siúl ar thailte Theach Lios an Daill.
In Albain, tá ‘ceart bealaigh phoiblí’ ann a thrasnaíonn tailte príobháideacha, má tá cosán nó bealach trí na tailte sin a nascann dhá áit agus má tá an bealach in úsáid le os cionn 20 bliain. Tá cosaint reachtúil ar na cearta sin ar a nglaoitear an tAcht Tuaithe (Alba) 1967. Tugann an t-acht úd cumhachtaí agus dualgais d’údaráis áitiúla na bealaí poiblí a chothú agus a chosaint.
Dá dtabharfaí ugach airgeadais d’fheirmeoirí na hÉireann, seans go mbeadh cuid mhaith acu sásta glacadh leis na bealaí poiblí seo. Tá buntáistí ag an tsiúl agus an spaisteoireacht d’fholláine, meabhairshláinte agus spiorad an phobail. B’fhiú breathnú ar a leithéid de ghníomh mar infheistíocht fhadtéarmach sa tsochaí. Dár ndóigh, bheadh fís agus misneach de dhíth chun a leithéid de bheart a chuir i gcríoch.
Is mise, le meas,
Spaisteoir Lár Tíre.