Deireadh le COP?

A Eagarthóir, a chara,

Gan amhras, tá COP ar strae agus i bpointe an géarcéim go leanlúnach. Bhí 76,000 ag freastal agus ina measc, na feachtasóirí agus urlabhraithe tíortha bochta taréis an cinneadh seo ($300 billiún seachas $1.3 trilliún) a cháineadh, iad ag rá,’ nach leor ar cor ar bith an méid sin chun a chur ar gcuma dóibh déileáil leis an athrú aeráide’ (Seathrún Sardina).

Faraor, níl meas madra ag na tíortha móra. Suas agus anuas go dtí 2021 i Glaschú, bhí fuinneamh agus seans maith forbairt a dhéanamh. Ach, i mbliana, an ceist mór ná, cé hiad atá as láthair’. Bhí Biden i Rio de Janeiro ag an G20 ag cothú na tíortha ag freastal ann méadú cogaíocht ar an Rúis in áit bheith i COP29! Ní raibh Xi Juiping, Macron, da Silva, agus Modi ann. Dúirt an NYT ‘the signals that once alarmed us have continued to bleat’.

Gan na Glasaigh anseo san rialtas ina dhiaidh an olltoghchán, beidh an comhrialtas nua – an gnáth ceann, arís is arís eile, faraor, gan meas ar bith acu don timpeallacht! Is cuma leo.

Mar sin, má leanann COP, beidh an dualgas orthu gach geallantas a comhlíonadh agus é lonnaithe i tír ag déanam feachtas maith don timpeallacht.

Is mise,

Tadhg Ó Cruadhlaoich,
Breacnach,
Rath Iomgháin,
Co. Cill Dara.

PS Nach dea-scéala é ó garsún óg ag freastal ar an Phictiúlann Phoenix agus an tionchar sin ar Cillian ina dhiaidh chun í a cheannach agus aiséirí arís í.