Na Toghcháin
Tá na toghcháin tagtha agus imithe agus níor tháinig an t-athrú go raibh súil againn leis, ach a mhalairt ar fad. Daingniú ar an seana-phort céanna go deo a tharla. “Ní oibreoimíd le Sinn Féin” an dearcadh páistiúil a léirigh ceannaire an pháirtí is mó.
Is deacair gabháil thairis sin. “No” an port a bhí ag Ian Paisley fadó, ach d’ oibrigh sé le Martin McGuinness. Níor cheart go mbeadh ceart ag duine amháin stad a chur le dul chun cinn nádúrtha na polaitíochta, agus conas a thiocfaidh muintir na tíre seo as an ngreim anois?
Níl aon tagairt d’Éirinn, ná don nGaelscolaíocht, (6% sna 26 contae,agus 2% sna sé contae), do tharrtháil na hiascaireachta, níl bille Frances Black dhá chur i bhfeidhm (a chinnteodh ná beimís ag ceannach earraí ós na críocha gafa sa Phailistín), gan bacaint le tithíocht ar phraghas réasúnta do shaoránaigh agus lucht oibre na tíre.
Béarla a labhartar sa Dáil ach Gaelainn ó dhosaon polaiteoirí go bhfuil meas acu orthu féin agus ar a dteanga.
Tá foréigean baile agus coiriúlacht imithe thar fóir ,drochshampla dhá thabhairt do leanaí, gan aon bhéim dhá chur ar léamh, scríobh agus matamaitic, na rudaí is bunúsaí, robots sa bhunscoil in áit an chultúir, agus cártaí in áit an airgid.
Cá bhfuil na polasaithe agus na prionsabail? Aon pháirtí a dhiúltóidh oibriú le páirtí go bhfuil bean mar cheann air, tá rud éigin le tuiscint as san…”is sinne na fíor- phoblachtánaigh”. Ach níl aon tírghrá le feiscint uatha, “EU, EU” an mana,agus an teagasc lofa atá ag teacht as an “bhfóram eacnamaíochta domhanda” go bhfhreastalaíonn baill rialtais air in Davos na hEilbhéise…chun smacht a chur orainn go léir.
Nuair a bheidh na cathaoireacha líonta, an féidir linn a bheith ag súil le ruainne beag d’fhíorú na haislinge a bhí ag laochra na Cásca?
Le meas,
Máire Úna Ní Bheaglaoich,
BÁC 7