Clár Fiontraíocht Gnó EMPOWER

Tá deireadh tagtha leis an gcéad clár EMPOWER Cumasú TÚS.

Is clár fiontraíochta saor in aisce é EMPOWER Cumasú i gcóir mná a bhfuil ina gcónaí i réigiúin na Gaeltachta i Maigh Eo, Gaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, Corcaigh, an Mhí agus Port Láirge.

Tá an maoiniú don chlár ag teacht ó Údarás na Gaeltachta agus tá an Mol Nuálaíocht san Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus an Lárionad Rubicon ag Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (OTM) á chur ar fáil.
Seoladh an clár go hoifigiúil sa Spidéal i mí Bealtaine 2024. Ag labhairt ag an seoladh níos luaithe i mbliana, dúirt Dara Calleary TD, an tAire Stáit um Chur Chun Cinn na Trádála, Cúrsaí Digiteacha agus Rialú Cuideachtaí, “Cuireann an clár seo deiseanna ar fáil do mhná i réigiúin iargúlta Gaeltachta le forbairt chórasach a dhéanamh ar na smaointe gnó atá acu agus tacaíocht a fháil ón OTA, OTM, Údarás na Gaeltachta agus an gréasán gteic chun críoch a chur lena gcuid pleananna.”

Ag seoladh clár Cumasú/EMPOWER ag Stiúideo Cuan ar an Spidéal ar maidin bhí an tAire Stáit Dara Calleary, Uachtarán OTA an Dr. Orla Flynn, Príomhfheidmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síochán, Maria Staunton, Bainisteoir iHub OTA/Clár Cumasú agus Rónán Mac Con Iomaire, Údarás na Gaeltachta chomh maith le baill foirne eile ó iHub OTA agus Údarás na Gaeltachta. At the launch of EMPOWER Camasú at Stiúideo Cuan, An Spidéal were Minister of State Dara Calleary, with (front l-r) Suan Ní Curnáin, Údarás, Maria Staunton, ATU iHub and Empower Camasú manager, Dr Orla Flynn, President of ATU, Rónán Mac Con Iomaire Údarás and Barbara Ó Shea, iHub . (Back l-r) Seán Ó Coistealbha, Údarás, Michelle Lee, iHub, Páid ÓNeachtáin Údarás, Noreen D’Arcy, MC, Clíona Standún, Standúns, Tríona Mac Gríolla Rí, Aró, Pamela Ní Thaidhg, iHub, Susan Ní Churnáin, Údarás,

Tá an clár EMPOWER Cumasú cruthaithe chun mná a chur chun cinn i ngnó agus tacaíocht a thabhairt dóibh, agus tá sé tar éis suim ar leith a fháil, ag mealladh 110 iarratas thar seacht gcontaetha Gaeltachta in Éirinn. Thosaigh trí chlár i mí Meán Fómhair 2024 le 38 mbean fiontraí cláraithe. Ag díriú ar chumhacht a thabhairt do mhná chun a gcuid fiontracha a fhorbairt agus a fhás, tairgeann an togra cúnamh saincheaptha, meantóireacht, agus acmhainní chun cabhrú le rannpháirtigh a threorú maidir le conas déileáil lena ndúshláin fiontraíochta. Déanann an clár deiseanna breise a chruthú do mhná le go n-éireoidh leo i dtírdhreach coiomaíoch na fiontraíochta trí ghréasán bríomhar a chruthú, lán de cheannairí gnó baineannacha uaillmhianacha.

Tá dhá gné den chlár:

  • EMPOWER TÚS (START) – Mná le smaoineamh gnó a bhfuil fós ag céim luath (níos lú ná 18 mhí) ag iarraidh tús a chur leis an ngnó agus an smaoineamh a bhfuil acu a thástáil.
  • EMPOWER FÁS (GROWTH) – Mná le gnó seanbhunaithe (18 mhí +) ag iarradh méadú agus fás.

Bhí duaiseanna buaite amach ag beirt a bhí rannpháirteach ar an gcúrsa ag Blas na hÉireann Duaiseanna Bia 2024 sa Daingean an Deireadh Fómhair seo chaite. Bhuaigh Bácús Dhúiche Sheoigheach ó Ghaillimh, bonn óir le haghaidh a mBreac Tae, agus bhuaigh Kombucha na Dalaigh, ó Dhún na nGall bonn airgid dá Kombucha Bláth Troim & Spíonán- Bealtaine.

Ag deireadh an chláir EMPOWER TÚS i mí na Nollag, reáchtáladh comórtas cur i láthair ag campas OTA Maigh Eo agus san ionad Rubicon, Co. Corcaigh. Is é buaicphointe spreagúil an chláir é an comórtas seo, áit a gcuireann na rannpháirtithe a smaointe gnó i láthair trí thionscnamh taighde margaíochta cuimsitheach. Leis an léargas luachmhar agus tuiscint dhomhain den deis margaíochta atá foghlamtha acu, tá deis ag na rannpháirtithe a gcoincheap gnó sofaisticiúil a chur i láthair os comhair painéal moltóirí- ag léiriú a nuálaíochta, straitéise, agus a gcumais i gcóir fás. Ba iad na buaiteoirí ar an lá ná Laura Ui Fhathaigh, Aelis Harris, Barbara Ginty agus Margaret Mc Manamon (Cácaí Acla).

Deir Michelle Lee (Comhordaitheoir Cláir EMPOWER): Más bean thú i réigiún Gaeltachta, cláraigh do shuim inár gcéad clár eile ag tús 2025 inniu, agus tóg an chéad chéim le gnó a chruthú as do smaoineamh. Go minic déanann daoine athbhreithniú ar a ngairm agus céard atá ag teastáil uatha as an saol ag am Nollag. Is minic a thuigeann mná go dtugann féinfhostaíocht níos mó saoirse agus solúbthacht dóibh chun déileáil lena saol oibre agus saol pearsanta.

Tá an clár EMPOWER ag feidhmiú ó 2017, ag cabhrú le dul chun cinn go leor gnó iontacha sa réigiún. Féach ar www.empowerprogramme.ie le haghaidh roinnt cás-staidéar. Má tá smaoineamh agat, nó má tá tú ag iarraidh an smaoineamh a thástáil, nó má tá tú ag iarradh fás agus forbairt, is féidir teagmháil a dhéanamh liom ag michelle.lee@atu.ie le níos mó eolais a fháil faoinár gcúrsaí.

Deir Maria Sweeney Khalifa:

“Thosaigh mé amach ar an gcúrsa seo i mí Meán Fómhair 2024, agus i ndiaidh 12 sheachtain, mothaím go bhfuil mé tar éis fás go mór mór le mo ghnó. Chabhraigh an meantóireacht liom soiléireacht a fháil, agus neartaigh na ceardlanna an tsoiléireacht seo trí na huirlisí le gníomhú a thabhairt dom. Ní féidir liom an cúrsa seo a mholadh a dhóthain.”

Deir Dani Onishi:

“Chuir an clár Cumasú ar an eolas mé faoi na céimeanna bunúsacha riachtanacha chun mo ghnó a leathnú amach. D’aimsigh mé muinín, eolas agus spreagadh ón mheantóireacht agus mé ag glacadh páirte sa chúrsa chun an chéad céim eile a thógáil i m’aistear fiontraíochta.”