6:30 I.N. – RTE1 – OÍCHE CHINN BLIANA
Tá clár faisnéise pearsanta ar an tráchtaire iomráiteach CLG Micheál Ó Muircheartaigh le craoladh i nGaeilge Oíche Chinn Bliana ar RTÉ 1. Beidh Cloch Le Carn – Micheál ag caitheamh súil siar ar shaol Mhichíl Uí Muircheartaigh, a bhásaigh in aois a 93 bliain níos luaithe i mbliana. Déanfar scrúdú ann ar shaol fir nár stop riamh, ag baint an méid is mó a d’fhéadfadh sé as gach lá.
Conas a chuirfeá síos ar fhear a bhain súp as gach uile lá dá shaol? Ba é Micheál Ó Muircheartaigh guth na tíre seo, rí na dtráchtairí, a thaistil fud fad na cruinne ag cur na gcluichí ab ansa leis chun cinn. Ach fear mór clainne ab ea é leis, ina chrann taca aige i gcónaí bhí searc a chléibh, Helena, agus ochtar clainne.
Bhí meon simplí dearfach aige, “Dúiseacht le dúthracht le breacadh an lae.” Dúisigh, éirigh, agus bain tairbhe as gach lá agus tú i do bheatha, agus b’in a dhein sé. Ní raibh riamh leisce air, níor dhiúltaigh sé iarratas ar bith, bhí sé ina bhall de scata coistí, agus dhein sé beag dá ualach oibre. Duine ar leith ab ea é, é mar chuid de shaol na tíre ar feadh na mblianta agus gean na nGael air ag meadú ó bhliain go bliain.
Le linn an 93 bliain sin, níor thréig sé riamh a áit dúchais. Bhí Dún Síon ina chroí go smior, is ann a d’fhillfeadh sé gach oíche ina bhrionglóidí. Bhí an baile agus pobal na háite sin ina gcéadchloch ar a phaidrín, luachanna a bhí mar chuid lárnach do CLG leis, agus bhí an fhealsúnacht chéanna á scaipeadh aige de shíor.
In ómós don bhfear speisialta seo, tugann Cláracha Gaeilge RTÉ léargas ar leith dúinn faoi Mhicheál, le cúnamh óna chlann agus a chairde. Ceann des na ceisteanna a cuireadh ar rannpháirtithe an chláir ná, “Dá gcaithfeá teacht aníos le focail nó focail a chuirfeadh síos ar Mhicheál, cad a dearfá?” Bhí na moltaí ilchnuasach, lúcháireach agus nótálta, nár thug ach blaiseadh beag bídeach den chion a bhí againne go léir ar ghaiscíoch na n-aerthonnta.
Sa chlár speisialta seo cloisfimíd ó Mhuintir Uí Mhuircheartaigh i dteannta na laochra CLG Eddie Keher, Mick O’Connell, Cora Staunton, Kieran Donaghy agus Eoin Liston, chomh maith le hiar-Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Ghiolla Íosa.