Buille mor is ea dúnadh chalafort Caergybi

Eoin Ó Murchú

Drochscéal amach is amach is ea an nuacht gur dócha nach mbeidh calafort Chaergybi (a ghalldaítear mar Holyhead) ag oscailt go dtí i ndiaidh na Nollag.  Téann 60% den lastas idir Éire agus Sasana tríd an gcalafort sin, agus tá caillteanais mhóra ann de bharr a dhúnta.

Rinne stoirm Darragh dochar criticiúil don chalafort – cruthúnas eile, má bhí cruthúnas eile ar bith ag teastáil, go bhfuil truailliú na haeráide ag bagairt go láidir orainn.

Deir saineolaithe go mbeidh tuilleadh stoirmeacha tréana den chineál seo ann sa todhchaí is go léiríonn an dochar a rinneadh in Caergybi an phráinn a bhaineann le teacht ar réiteach ar fhadhb na haeráide.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.