Amhrán na Seachtaine: Cailleach an Airgid

Curfá:

‘Sí do mhaimeo í, ‘sí do mhaimeo í
‘Sí do mhaimeo í, cailleach an airgid
‘Sí do mhaimeo í ó Bhail’ Iorrais Mhóir í
‘S chuir-feadh sí cóistí ar bhóithre Chois Fharraige.

Dá bhfeicfeása an “steam” ‘ghabhail siar Toin Uí Fhloinn
‘S na rothaí ‘gabhail timpeall aniar faoina ceathrúnaí
Chaithfeadh sí an stiúir naoi n-uaire ar a cúl
‘S ní choinneodh sí siúl le cailleach an airgid.

(Curfá)

‘Measann tú ‘bpósfa, ‘measann tú ‘bpósfa?
‘Measann tú an bpósfa beirt ar an mbaile seo?
Tá a fhios a’m nach bpósfaidh, tá sé ró-óg di.
Mar tá sé ró-óg ‘gus dólfadh sé’n t-airgead.

(Curfá)

‘S gairid go bpósfa, ‘s gairid go ‘bpósfa
‘S gairid go bpósfa beirt ar an mbaile seo.
‘S gairid go ‘bpósfa, ‘s gairid go ‘bpósfa
Séan Shéamais Mhóir agus Máire Ní Chathasaigh.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.