D’fhógair Glór na nGael go bhfuil 16 chlub cláraithe don bhlitzchomórtas a bheidh ar siúl i gCo. na Mí ar Lá ‘le Bríde.
Imreoidh na himreoirí, a bheidh os cionn 17 mbliana d’aois, ar pháirceanna uileaimseartha i gCLG Domhnach Mór Cill Dhéagláin.
Peil Ghaelach mheasctha, le fir agus mná ag imirt le chéile, a bheidh á imirt ag na foirne seachtar an taobh.
Ag labhairt dó faoin imeacht dúirt Seán de Paor, Oifigeach Forbartha le Glór na nGael go raibh sé ag súil go mór leis an ocáid.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!