Torthaí COP 29 – Dul chun Cinn Mall na Comhdhála Cáinte

Seathrún Sardina

Is cruinniú bliantúil de chuid na Náisiúin Aontaithe (NA) é COP. Tá deireadh tagtha anois le COP 29, an chomhdháil COP a gaireadh i mbliana.

Cinneadh COP29 – tuilleadh maoinithe do thíortha bochta

Cinneadh $300 billiún a chur ar fáil do thíortha tearcfhorbartha in aghaidh na bliana, ardú ón $100 a bhíodh á chur ar fáil dóibh. Ní dhéantar trácht ar bhoilsciú sa socrú seo, agus deir roinnt eacnamaithe go mbeidh luach níos ísle le fáil acu ar deireadh dá bharr sin. De réir an Guardian, tá an $300 billiún seo níos lú ná an 1.3 trilliún a mheastar atá de dhíth.

Beidh an chuid is mó den airgead sin le teacht ó dheontais agus ó iasachtaí le hús íseal. Maítear go mbeidh an chuid eile den 1.3 trilliún ag teacht ó infheistíocht phríobháideach, cé nach bhfuil sonraí na hinfheistíochta sin leagtha síos go díreach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!