Stair le cruthú sna cúigí i gcluichí CLG an deireadh seachtaine seo

Tugann Cóilín Duffy súil ar chluichí móra na gclubanna an deireadh seachtaine seo agus cúig chluiche ceannais cúige i ngrád sinsearach na gclubanna ar siúl – péire i gCúige Laighean agus ceann amháin i gConnachta, sa Mhumhain agus in Ulaidh.

Roimh dheireadh thráthnóna Dé Domhnaigh féadfar roinnt ainmneacha nua a bheith ar rollaí onóra chraobhacha clubanna na gcúigí. I gCúige Laighean, áit a luaitear go minic Cuala, na Fianna agus Baile Átha Fhirdhia, níor bhuaigh Cuala teideal peile sinsir Laighean riamh, agus níor bhuaigh a gcéilí comhraic i mBaile Átha Cliath, na Fianna, coróin iomána sinsir cúige riamh; cé go bhfuil teidil chúige bainte ag an dá chlub ina gcóid eile!

Ó thaobh na sinsear de, cuirfear tús leis an iomlán Dé Sathairn le ceann scríbe dúbailte i gcluiche ceannais Laighean i bPáirc an Chrócaigh, beo ar RTÉ, agus peileadóirí Bhaile Átha Fhirdhia agus Chuala ar an gcéad dul síos ag 5:40pm.

Luke Keating (Cuala), Robert Leavy (Átha Fhirdia) le corn Sheáin Mac Cába i Droichead Nua, Cill Dara. Griangraf: Brendan Moran/Sportsfile

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!