“Justice will be served” – Nikita Hand: Guth Seasmhachta, Eiseamlárach, Crógachta

Foghlaimíodh go leor ó chás Nikita Hand agus a crógacht a chuir muid ag caint agus a fhanfaidh linn ar feadh i bhfad.

Lisa Nic an Bhreithimh

Tráthnóna an 22 Samhain, sheas Nikita Hand os comhair na hArdchúirte – os comhair na meán, an phobail agus na miliún fud na cruinne. Dúirt sí,

“I want to show..that you can stand up for yourself if something happens to you, no matter who the person is and justice will be served. To all the victims of sexual assault..you have a voice, keep on fighting for justice.”

Ní éiríonn ach le líon beag cásanna ionsuithe gnéis dul os comhair na cúirte. Ní éiríonn ach le líon fíorbheag ar fad ionchúiseamh a fháil. De réir staitisticí de chuid na Náisiún Aontaithe lorgaíonn níos lú ná 40% de mhná a fhulaingíonn foréigean aon chineál cúnaimh.

De réir Thuarascáil Bliantiúil 2023 Ionad Éigeandála um Éigniú BÁC, as a 310 cliant nua i rith 2023, níor thuairisicigh ach 33%, 102 acu, coireanna do na Gardaí. As na 102 sin, tá eolas ar fáil maidir le 59 acu. Bhí 45 acu fós á n-imscrúdú ag na Gardaí ag deireadh na bliana. Níor ghlac an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (SIP) le 12 acu, nó d’éirigh an cliant as. Mar sin, ní dheachaigh ach dhá chas ó na 310 cliant sin chun na cúirte – bhí éigiontú i gcás amháin, agus ciontú sa cheann eile. Mar sin, as na 310 cliant úr – is é sin na daoine a lorg cúnamh, cá bhfios cé mhéad eile nár lorg – d’éirigh le duine amháin ciontú a fháil dá n-ionsaitheoir faoi dheireadh na bliana.

Cé nár ghlac an SIP le cás Nikita mar chás coiriúil, tugann na figiúirí seo léiriú dúinn den mhisneach a thaispeáin Nikita fiú dul ar aghaidh le cás cúirte, agus a annaimhe is a bhíonn toradh mar seo ar chás ar bith ó íospartach ionsaí gnéis.

22/11/2024 Léann Nikita Hand ráiteas don phreas lasmuigh den Ard-Chúirt
Grianghraf: Eamonn Farrell / © RollingNews.ie

Sin í an chúis, measaim gur phléigh na milliúin timpeall na tíre agus na cruinne faoi seo lena gclann, lena gcairde, ar líne agus sna meáin. Tá ailt ar líne faoi Nikita ag The New York Post, Times of India agus Marie Claire Australia gan ach cúpla ceann a ainmniú.

Agus sin é an chúis go ndeachaigh sé chomh mór sin i bhfeidhm orainn. Dár ndóigh bhí an-tionchar ag cáil a hionsaitheora ar an aird a tarraingíodh ar a cás, ach chomh maith leis sin, timpeall na cruinne, bhí meas ag daoine ar an éacht a rinne Nikita agus an toradh suntasach. D’fhéadfaí a rá go raibh comhthuiscint dhomhanda ar an tábhacht a bhain leis seo agus iontas faoin toradh.

Bhí méadú 50% ar ghlaonna ó dhaoine nár ghlaoigh riamh roimhe sin ar an Líne Chabhrach Náisiúnta Éigeandála um Éigniú i rith an deireadh seachtaine tar éis bhua Nikita.

Cé nár ghlac an SIP lena cás, cé nár tugadh méid suntasach damáistí di don chineál cáis seo, bhí tionchar ollmhór ag toradh an cháis agus beidh go deo ar chailíní, mná agus gach íospartaigh timpeall na cruinne. Léirigh sé, mar a dúirt Nikita, “justice will be served”, nó ar a laghad, tá níos mó dóchais don chóir.

D’fhoghlaimíomar go leor ón gcás seo. Dúradh gur thug an breitheamh óráid nach beag faoin gcomhthoil sa chúirt.

Is féidir an chomhthoil a tharraingt siar ag an am.

Is féidir go mbeidh éigniú i gceist nuair a bhí spraoi nó gnéas comhthoiliúil ann roimh ré. 

Nuair atá duine ar dheargmheisce, ní féidir leo comhthoil a thabhairt.

Seo rud nach dtuigeann go leor daoine fós agus is baolach an rud é.

Tá sé deacair glacadh lena leithéid do go leor againn a d’fhás aníos agus miotais éignithe múinte dúinn agus locht á chur ar an íospartach – “bhí sí á iarraidh”, “bhí sí ar meisce”, “céard a raibh sé ag súil leis?” srl.

Tá sé deacair dúinn mar chreideamar na rudaí sin, chaitheamar ár saol leo, agus do chuid againn tá sé deacair mar tugann sé tuiscint éagsúil dúinn ar rudaí a tharla dúinn san am atá thart – rudaí nár thuigeamar a bhí neamh-chomhthoiliúil. Ach anois, caithfimid éirí as iad a rá, a mhúineadh, a cheapadh, mar tuigtear anois nach bhfuil siad ceart.

Tá go leor le foghlaim againn faoin gcomhthoil, ach caithfear é a fhoghlaim. Go bunúsach, caithfidh comhthoil a bheith: tugtha go toilteanach, sonrach don am agus don ghníomh, agus is feidir í a tharraingt siar am ar bith. 

Níl aon locht ar aon duine a ndéantar ionsaí gnéis d’aon chineál orthu.

In ainneoin na scéalta róphearsanta uile a insíodh faoi Nikita agus na rudaí nár bhain le hábhair – go raibh sí ar meisce, go raibh dúshláin mheabharshláinte uirthi srl – d’éirigh léi. 

Taispeánann sé sin athrú éigin dúinn. Deir sé linn, is cuma má bhíonn tú amuigh ag cóisir, ag baint sult as an saol ag ól, tá tú i dteideal cosaint ón dlí agus i dteideal na córa. 

Sé bliana ó shin, taispeánadh fo-éadaí íospartaigh gnéis i seomra cúirte, mar chuid de thriail éignithe i mBéal Feirste. An bhféadfaimis a bheith dóchasach anois go bhfuil muid bogtha ar aghaidh beagán ón gcineál uafáis sin d’íospartaigh? 

Tugann guth Nikita dóchas éigin do go leor againn.