Déanann Caoimhín Ó Cadhla cur síos ar na crainn i mbéaloideas na hÉireann

An lá atá inniu ann tá na sé chontae is fiche ar cheann de na stáit is lú crainn san Eoraip, le gan ach timpeall 11% den talamh faoi fhoraoisí. Ach ní mar sin a bhí fadó.  In 1200 RCh bhí 80% den talamh clúdaithe le crainn. Dúirt Seathrún Céitinn ina leabhar Foras Feasa ar Éirinn gur ‘oiléan na gcoillteadh’ a bhí in Éirinn. Bhí meas ag na Gaeil, go deimhin ag na Ceiltigh, ar chrainn. Tagann an focal draoi, mar shampla, ón bPrótai-Cheiltis *dru~wid~s a chiallaíonn ‘duine a bhfuil fios darach aige.’ Bhí crainn tábhachtach i measc na gcultúr Ind-Eorpach chomh maith, mar shampla bhí nasc ag Zeus, príomhdhia na nGréagach, leis an gcrann darach, agus i gcreideamh na gCeilteach tá an Daghdha, an dea-dhia, nasctha leis an dair freisin. Nuair a bhí an seancreideamh mar phríomhchreideamh na tíre, cheap na Gaeil go raibh na déithe agus a sinsir ag maireachtáil sna crainn.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!