Leis an gcogadh san Úcráin agus Uachtarántacht Biden ag druidim chun deiridh, agus mórán den tuairim go bhfuil siad fite fuaite lena chéile, tá géarú atá beagnach tubaisteach tar éis tarlú sa chogadh úd agus údarás tugtha ag Biden diúracáin fadraoin Chóras Oirbheartach Diúracáin an Airm (ATACMS (Army Tactical Missile Systems)) a úsáid laistigh de chríocha aitheanta na Rúise. Lean an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc láithreach lena gcórais diúracáin féin a chur ar fáil d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine.
Cé go bhfuil údarú tugtha do na hÚcráinigh na diúracáin seo a loscadh isteach sa Rúis, níl sé de chumas acu i ndáiríre an t-armlón seo a úsáid os rud é gur ag saineoluithe ó thíortha ECAT amháin a bhfuil an cumas acu na córais diúrácáin seo a fheidhmiú. Ní admhaítear é seo go hoscailte nó léireodh sin an cur i gcéill nach bhfuil an cogadh atá ar siúl idir ECAT agus an Rúis i láthair na huaire.