Tá an comhaireamh thart, agus anois tá na polaiteoirí ag díriú a n-aird ar cén chaoi a gcuirfidh siad rialtas le chéile.

Ach nach sampla de mhífheidhmiúlacht an stáit é gur ar éigin atá aon chaint ann faoi dhifríochtaí idé-eolaíochta a bheidh le réiteach. Seachas sin, is ar roinnt na n-oifigí atá an chaint. Jabanna do na leaids, mana na bpolaiteoirí is na n-iriseoirí araon.

Ar ndóigh leanfaidh Fianna Fáil is Fine Gael leis na polasaithe atá acu le cúig bliana anuas, polasaí ar theip orthu aon réiteach a chur chun cinn i dtaobh tithíochta nó sláinte, gan bheith ag caint faoi na buncheisteanna faoi athaontú na tíre is ath-Ghaelú na hÉireann.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!