Stair déanta ag Coláiste Feirste

An chéad teideal Uladh riamh don Ghaelcholáiste i mBéal Feirste

Cóilín Duffy

Coláiste Feirste 0-12, Ardscoil Naomh Iósaf Crois Mhic Lionnán 1-7

Den chéad uair riamh i stair na scoile tá corn á ardú ag buachaillí Choláiste Feirste i gCraobh Uladh tar éis dóibh cluiche ceannais chomórtas peile faoi 16 ½ Phádraig Uí Chionga a bhuachan i nDroichead Mhaigh Eo i gContae an Dúin faoi sholas na gréine Dé Máirt seo caite.

Faoi stiúir imreoir peile sinsearaí Aontroma Pádaí Mac Giolla Bhríde, agus Chiaráin Uí Dochartaigh, beirt atá ag obair sa scoil, d’éirigh leis an bhfoireann gan cluiche a chailliúint i mbliana, agus bua acu ar Scoil Naomh Iósaf Crois Mhic Lionnán sa chluiche ceannais le dhá chúilín.

Foireann Coláiste Feirste a bhuaigh Craobh Uladh tar éis bhua thar Ardscoil Naomh Iósaf Crois Mhic Lionnán i gCluiche Cheannais Pheile Corn Pat King an tseachtain seo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!