Fáilte an Uachtaráin

Teachtaireacht ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar sheoladh nuachtán Gaelach An Páipéar

Ag tacú linn: Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins

“Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo thacaíocht a thabhairt do chách i Gaelmheáin Teoranta agus sibh ag ullmhú do sheoladh an nuachtán clóite seachtainiúil agus nuachtán digiteach, An Páipéar. Traoslaím libh.

Cuirtear fáilte roimh an togra suntasach seo de nuachtán Gaelach nua, a gcuirfidh ardán geal, seasmhach, faoi bhláth ar fáil do thodhchaí na Gaeilge.

Ár dteanga ársa, atá sáite i stair agus traidisiún, páirt lárnach dár bhféiniúlacht náisiúnta agus is í fianaise de neart ár ndaoine. Teanga de dhoimhneacht, áilleacht agus fadsaoil, ní amháin gur thaisce cultúrtha í, ach ceangal beo dár stair comhroinnte, teilgean ríthábhachtach dúinn mar dhaoine.

Ní amháin go bhfuil pobal bríomhar atá ag dul i méid againn a labhraíonn an teanga ina mílte gach lá, ach cuireann sé gliondar ar mo chroí go bhfuil níos mó ná milliún daoine timpeall na cruinne, neamhnáisiúnach d’Éirinn agus saoránaigh nua d’Éirinn san áireamh, atá ag tapú an deis an teanga dhúchasach den tír atá mar bhaile nua dóibh anois a fhoghlaim.

Tá súil agam go scaipfidh an nuachtán seo eolais, ach go dtabharfaidh sé inspioráid freisin, cabhróidh sé linn ár dteanga a coimeád beo agus tabharfaidh sé misneach do dhaoine níos mó Gaeilge a úsáid ina saolta laethúla.

Guím gach rath ar Gaelmheáin Teoranta amach anseo ar an bhfoilseachán nua.”