Soláthar Suarach na hIar-bhunscolaíochta Lán-Ghaeilge

De réir an daonáirimh in 2022, bhí 5,123,536 de dhaonra sna 26 contae. De réir na Roinne Oideachais, bhí 416,631 dalta cláraithe in iar-bhunscoileanna an stáit. Sin tuairim is 8.13% den daonra. De réir Parenting and Education Ireland tá 727 iar-bhunscoil sa stát, agus de réir Gaeloideachas is iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge neamhspleácha iad 51 acu siúd. Fágann sé sin go bhfuil 676 iar-bhunscoil lán-Bhéarla sa stát. Sin níos mó ná 13 oiread na n-iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Tríd is tríd, tá iar-bhunscoil lán-Bhéarla ar fáil do gach 616 dalta sa stát, i gcomparáid leis an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge amháin atá ar fáil do gach 8,169 dalta. Agus tá sé níos measa fós, más féidir leis a bheith níos measa, i gcontaetha áirithe. In 11 chontae níl iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ar bith lonnaithe, i 5 chontae níl ach ceann amháin, agus i 5 cinn eile níl ach 2 cheann. I gCiarraí tá 4 cinn, i nDún na nGall tá 5 cinn, i gCorcaigh tá 7 gcinn agus tá 10 gcinn i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh araon. Seachas Baile Átha Cliath, tá ceantair Ghaeltachta lonnaithe sna 4 chontae eile ina bhfuil níos mó ná dhá iar-bhunscoil lán-Ghaeilge lonnaithe. Léiríonn an fhíric sin a scéal féin.

Creid nó ná creid is in oirthear na tíre atá na contaetha is measa i gcomhthéacs na gcóimheas. Níl ach iar-bhunscoil lán-Ghaeilge amháin ar fáil do gach 17,914 dalta sa Mhí, do gach 16,706 dalta i Lú, i do gach 11,797 dalta i mBaile Átha Cliath, agus do gach 10,042 dalta i gCill Dara. Chomh maith leis sin tá 5 chontae as 12 cheann i gCúige Laighean, ceantar ollmhór i lár na tíre, nach bhfuil iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ar bith ann: an Iarmhí, Laois, Loch Garman, Longfort agus Uíbh Fháilí.

Lasmuigh de Chúige Laighean, níl Corcaigh ag déanamh ró-mhaith agus lar-bhunscoil lán-Ghaeilge amháin ann do gach 6,752 dalta agus níl tosca mórán níos fearr i Luimneach ina bhfuil iar-bhunscoil lán-Ghaeilge amháin ar fáil do gach 5,656 dalta. Agus sa Chlár agus i dTiobraid Árann níl iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ar bith ar an bhfód.

Níl iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ar fail i dtrí cinn de na cúig chontae i gCúige Connachta: Liatroim, Ros Comáin agus Sligeach, agus i Maigh Eo níl ach dhá iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ann do 11,159 dalta, sin iar-bhunscoil lán-Ghaeilge amháin do gach 5,580 dalta.

I gCúige Uladh, níl iar-bhunscoil lán-Ghaeilge ar bith ar an gCabhán, agus béal dorais, i Muineachán, níl ach iar-bhunscoil lán-Ghaeilge amháin ann do 5,272 dalta.

Léiríonn an tábla thíos soláthar suarach na n-iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge ar fud an stáit. Léiríonn sé cur chuige leatromach na Roinne Oideachais agus gach rialtais i gcoinne an oideachais lán-Ghaeilge le céad bliain anuas. Agus léiríonn sé cén fáth nach féidir linn, mar stát, an Ghaeilge a athbhunú mar gnáth-theanga chumarsáide an phobail.

ContaeDaonra (daonáireamh 2022)Líon na ndaltaí iar-bhunscoile(8.1% den daonra)Lán-BhéarlaLán-Ghaeilge
Líon na scoileannaMeánlíon na ndaltaíLíon na scoileannaMeánlíon na ndaltaí
Baile Átha Cliath1,450,701117,9671786631011,797
An Cabhán81,2016,603116000Gan Ghaelcholáiste
Ceatharlach61,9315,0361050415,036
Ciarraí155,25812,6252257443,156
Cill Chainnigh103,6858,4311460218,431
Cill Dara246,97720,08326772210,042
Cill Mhantáin155,48512,6442063226,322
An Clár127,41910,361185760Gan Ghaelcholáiste
Corcaigh581,23147,2647860676,752
Dún na nGall166,32113,5252261552,705
Gaillimh276,45122,48036624102,248
An Iarmhí95,8407,793155200Gan Ghaelcholáiste
Laois91,6577,45398280Gan Ghaelcholáiste
Liatroim35,0872,85383570Gan Ghaelcholáiste
Loch Garman163,52713,298226040Gan Ghaelcholáiste
Longfort46,6343,79294210Gan Ghaelcholáiste
205,44416,70617983116,706
Luimneach139,10011,3112349225,656
Maigh Eo137,23111,1592741325,580
220,29617,91420896117,914
Muineacháin64,8325,2721147915,272
Port Láirge82,6686,7221642023,361
Ros Comáin69,9955,69287110Gan Ghaelcholáiste
Sligeach69,8195,677144060Gan Ghaelcholáiste
Tiobraid Árann167,66113,634314400Gan Ghaelcholáiste
Uíbh Fháilí127,08510,334119390Gan Ghaelcholáiste
Iomlán5,123,536416,631676616518,169