Tá AerachAiteachGaelach i gcroílár réabhlóid ealaíne agus scríbhneoireachta atá ag briseadh talamh úr i saol na Gaeilge.
Is comharghrúpa ealaíon Gaeilge é AerachAiteachGaelach (AAG) a mbíonn breis agus 110 ealaíontóir aiteacha ag plé leis, idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, ghrianghrafadóirí, agus taibheoirí draig. Ba iad na filí Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy a bhunaigh an grúpa ag tús 2020 in Amharclann na Mainistreach.
Ó shin i leith, tá an grúpa tar éis dul ó neart go neart, go háirithe i réimse na drámaíochta: beidh Grindr, Saghdar & Cher le Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh le feiceáil ag Éigse Chluainín i Liatroim an 30 Samhain agus i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire an 14 Nollaig; léiríodh An Chos Eile le Seán Mac Dhonnagáin ag Oireachtas 2024; agus léiríodh Idir Mise agus Craiceann do Chluaise le Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy ag Féile Imeallach Bhaile Átha Cliath 2021.
Comharghrúpa bródúil LADTAIÉ+ is ea AerachAiteachGaelach atá ag iarraidh “deiseanna forbartha, gréasán tacaíochta agus ardán a chur ar fáil le haghaidh ealaíontóirí LADTAIÉ+ na Gaeilge chun gur féidir leo cur leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha i litríocht agus ealaíona na Gaeilge.” I mbliana, sheol AAG cónaitheachtaí nua scríbhneoireachta ar Oileán Chléire le haghaidh deichniúr ealaíontóirí; thosaigh siad sraith seisiún scríbhneoireachta in Outhouse i mBaile Átha Cliath; agus, faoi stiúir Chonaill Uí Dhuibhir agus Dharraigh Uí Chaoimh, d’fhoilsigh siad an chéad eagrán d’irisín nuálach dar teideal An Gairdín, foilseachán a sheolfar i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) ag 7pm, Dé Luain an 2 Nollaig.
Déanfar ceiliúradh ar cheannródaíocht AAG ag an mórócáid scéalaíochta sin. Tiocfaidh baill agus cairde an chomharghrúpa, idir aiteach agus díreach, le chéile chun féachaint siar ar an mbliain agus chun blaiseadh a fháil de shaothar na n-ealaíontóirí. Béidh léirithe filíochta, ceoil agus scéalaíochta ann, mar aon le fáiltiú fíona. Eolas ar Eventbrite AerachAiteachGaelach.