Níl Fianna Fáil ag déanamh “faic” faoi ghéarchéim thithíochta na Gaeltachta dar le Tinteán

Déanann grúpa tithíochta as an nGaeltacht géarcháineadh ar fhorógra olltoghcháin Fhianna Fáil
Le Bill Breathnach

Níl “faic” i bhforógra olltoghcháin Fhianna Fáil a rachadh i ngleic le géarchéim thithíochta na Gaeltachta dar leis an ngrúpa Tinteán.

Tá an eagraíocht feachtasaíochta tithíochta tar éis géarcháineadh a dhéanamh ar an gcáipéis “Ag Bogadh Ar Aghaidh le Céile” atá foilsithe ag an bpáirtí.

Maíonn an forógra go bhfuil Fianna Fáil tar éis “feabhas suntasach a dhéanamh ar pholasaithe a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht”.

Rinne Tinteán bréagnú ar an maíomh sin, áfach. I ráiteas arna dhéanamh an tseachtain seo chaite, dúirt an grúpa gur “gheall Fianna Fáil arís agus arís eile go bhfoilseofaí na treorlínte pleanála don Ghaeltacht.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!