Foilsíonn Doimnic Mac Giolla Bhríde leabhar ceannródaíach, úrnua ar bhunús an tsean-nóis agus an ceangal atá aige le traidisiún na cláirseoireachta Gaelaí. Tá albam d’amhráin chóirithe ag gabháil leis.

Grianghraf: John Soffe
Tá albam úr cumhachtach á sheoladh ag an amhránaí sean-nóis agus taighdeoir Doimnic Mac Giolla Bhríde dar teideal Gealach na gCuanta, mar aon le leabhar a scrúdaíonn fréamhacha an tsean-nóis agus an ceangal atá aige le traidisiún ársa cláirseoireachta na hÉireann.
Tá lá gnóthach eagraithe don seoladh “le tuigbheáil iomlán a fháil ar an amhránaíocht agus an stair chasta atá aige. Eascraíonn an sean-nós ó thraidisiún ársa cláirsí na hÉireann a mhair míle bliain ar a laghad, agus le seo a léiriú agus a mhíniú i gceart d’eagraigh mé ceardlann, léacht agus ceolchoirm” a mhíníonn Doimnic Mac Giolla Bhríde. Ag a ceathair a chlog tráthnóna tabharfaidh Paddy Glackin ceardlann fidléireachta, tabharfaidh Siobhán Armstrong ceardlann cláirsí agus tabharfaidh Doimnic Mac Giolla Bhríde ceardlann amhránaíochta. Ag a cúig tabharfaidh an triúr ceoltóirí léacht, ag míniú an naisc idir cláirseoireacht, amhránaíocht agus fidléireacht Dhún na nGall. Ag a hocht san oíche seolfaidh Paddy an t-albam agus leabhar, agus ina dhiaidh beidh ceolchoirm ann le Doimnic ag dul don amhránaíocht, Frances Morton ar an bhfeadóg mhór, Éanna Ó Croinín ar an bpí uilleann, Tomás Mac Seáin ar an vióla agus Dan Bodwell ar an dord mór. Ar ndóigh, cuirfidh Paddy agus Siobhán leis an gceolchoirm.
Tá an t-albam ar fáil anois ar Bandcamp. Is bailiúchán é de amhráin a chum seanchláirseoirí, gnáthamhráin sean-nóis agus amhráin a chum sé féin. Chum Doimnic foinn úra d’amhráin a bhfuil an ceol caillte dóibh chomh maith. Tá a amhrán úr Dhá dTrian Catha an Misneach, lenar bhuaigh sé an comórtas d’amhrán nuachumtha an Oireachtais, ar an albam fosta.
I gcuideachta leis an albam, tá leabhar scríofa ag Mac Giolla Bhríde a dhéanann forbairt úr ar ár dtuigbheál ar cheoleolaíocht agus ar stair an cheoil i nÉirinn. Tá Doimnic ag déanamh taighde ar an sean-nós le blianta, chomh maith le bheith á theagsac agus á chaomhnú, agus leis an eolas a bhailigh sé bhí sé ábalta a dhéanamh amach go raibh dlúthcheangal láidir idir an traidisiún cláirseoireachta agus an sean-nós. Ag tarraingt ar théacsanna stairiúla, bailiúcháin cheoil ar nós lámhscríbhinní Edward Bunting, agus páipéir phearsanta bailitheoirí éagsúla, taispeánann an leabhar an dóigh ar scaradh na traidisiúin seo le himeacht ama.
“Is minic a smaoinímid ar shean-nós agus ar an chláirseoireacht mar dhá thraidisiúin eagsúla, ach ba cheann amháin iad tráth,” a deir Mac Giolla Bhríde. “Chan na seanchláirseoirí agus rinne siad iad féin a thionlacan ar an chláirseach. Seo traidisiún a d’fhorbair thar céadta de bhlianta, amhránaíocht, cláirseoireacht agus filíocht shaibhir. Sa leabhar seo déanaim iarracht an traidisiún seo a mhíniú agus leargás a thabhairt ar an dóigh ar fháisc sean-nós amach as an traidisiún seo.”
Rugadh agus tógadh Mac Giolla Bhríde i nGaoth Dobhair, agus is amhránaí, pianódóir, boscadóir, píobaire uilleann, cumadóir agus taighdeoir aitheanta é. Bhuaigh sé Corn Uí Riada in 2009, an gradam is mó le rá in Éirinn don sean-nós, agus aithnítear go forleathan é mar ghlór ceannródaíoch in athbheochan agus léirmhíniú amhránaíocht na Gaeilge.
Tugann an leabhar agus an t-albam seo seans do dhaoine ní hamháin sult a bhaint as an amhránaíocht ach bheir sé blaiseadh dúinn fosta ar thraidisiún ársa ceolmhar na hÉireann. Traidisiún a bhí faoi cheilt agus a ndearnadh a mhíléiriú air go minic.
Ar fáil:
• Tá an leabhar ar fáil i gcóip chrua ó www.doimnic.com agus tá íoslódáil dhigiteach uathúil saor in aisce san áireamh.
• Tá an t-albam Gealach na gCuanta ar fáil anois trí Bandcamp