Áine Ní Ghlinn, ball nua d‘Aosdána

Jenna Goulding

Tá an t-údar Gaeilge Áine Ní Ghlinn anois ina ball d’Aosdána. 

Is údar 36 leabhar í lena n-áirítear 4 bhailiúchán filíochta agus is tráchtaire í ar chúrsaí litríochta Gaeilge. Ina measc na leabhar atá scríofa aici tá ficsean d’aosaigh óga, scéalta, úrscéalta, leabhair pictiúr agus drámaíocht do léitheoirí óga, chomh maith le filíocht do gach aoisghrúpa. Ba í Laureate na n-Óg í idir 2020 agus 2023, tráth ar thug sí faoi dhíriú ar leabhair Ghaeilge don óige a chur chun tosaigh.

Is léirmheastóir leabhar Gaeilge do dhaoine óga agus do dhaoine fásta í freisin. Bíonn sí le cloisteáil go minic ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith.

Toghadh Ní Ghlinn an tseachtain seo caite ag an daichead a tríú tionól ginearálta ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Coinníodh nóiméad ciúnais i gcuimhne ar iar-bhaill Aosdána ag an gcruinniú. Bhí George Morrison i measc na ndaoine a ar cuimhníodh orthu.

Cuireadh a hainm chun tosaigh le hochtar ealaíontóirí eile: Paul Brady (ceol), Alan Gilsenan (amharc-ealaíona), Shih-Fu Peng (ailitireacht), Paul Mercier (litríocht), Orla Barry (amharc-ealaíona), Locky Morris (amharc-ealaíona), Mufutau Yusuf (cóiréagrafaiocht), agus Nuala O’Connor (litríocht). Tugann sé seo an bhallraíocht go 250 ball.

Tá réimse gradam buaite ag Ní Ghlinn as a cuid oibre. Bhí sí ar dhuine de thrí aimní as Éirinn do Ghradam Cuimhneacháin Astrid Lindgren in 2022 agus 2023, agus tá gradaim filíocht éagsúla buaite aici, lena n-áirítear Seachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail, Féile Filíochta Bhéal na mBuilí, an tOireachtas agus an Fiach Dubh.

Faoi láthair, roinneann Ní Ghlinn a cuid ama idir scríobh agus léachtaí i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann i mBaile Átha Cliath agus ceardlanna scríbhneoireachta i nGaelcholáistí.

Bunaíodh Aosdána in 1981. Tugann sé ómós d’ealaíontóirí a bhfuil a gcuid oibre tar éis cur mór leis na healaíona cruthaitheacha in Éirinn. Ina theannta sin, cuidíonn sé le baill a gcuid fuinnimh a dhíriú go hiomlán ar a gcleachtas ealaíne.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.