9.30pm ar an 17 Meán Fómhair ar TG4.
Is clár faisnéise ceannródaíoch é Éire agus Na Chéad Naisiúin ina nochtar scéal nár insíodh fós faoin phlé a bhí ag Éireannaigh leis na Chéad Náisiúin i Meiriceá Thuaidh. Mar scannán bóthair trasna na Stát Aontaithe a cruthaíodh an scannán mealltach seo ina bhfuil dhá pheirspictíocht. Scrúdaítear taithí inimircigh na hÉireann trínár lionsa féin agus trí lionsa na ndaoine dúchasacha a raibh tionchar ag ár dteacht ann orthu.
Ó thrádáil agus cogadh go comhghuaillíochtaí agus feall, déantar iniúchadh sa scannán seo ar na róil chasta, agus contrártha go minic, a bhí ag lonnaitheoirí Éireannacha i múnlú stair dhúchasaigh Mheiriceá. Cluintear staraithe ceannródaíocha Éireannacha agus guthanna suntasacha ó na Chéad Náisiúin ag caitheamh solais ar an dóigh a raibh eisimircigh Éireannacha faoi chois agus ar chuir siad féin go deimhin daoine eile faoi chois san am chéanna.

I measc phríomhscéalta an chláir tá scéal Sir William Johnson, trádálaí agus úinéir talaimh Éireannach ón 18ú haois a chruthaigh naisc dhoimhne leis an Náisiún Móhácach agus a bhfuil a oidhreacht go fóill beo i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac. Cuirfidh an lucht féachana eolas fosta ar sheanóirí Móhácach, Kay Olan agus Tom Porter, beirt a thabharfaidh a léargas féin dúinn ar ról Johnson agus an tionchar buan a d’fhág sé ar a dtailte dúchais.
Ansin, bogann an scannán ó Dhún Niagara go tailte Blackfeet in Montana, ag nochtadh caibidlí níos dorcha sa stair, amhail Sléacht Baker agus oidhreacht ginearál Gael-Mheiriceánach ar nós Philip Sheridan agus Thomas Francis Meagher, a raibh baint mhór acu le heasáitiú na nDúchasach.
Leagtar béim sa chlár faisnéise fosta ar ghuthanna comhbhá agus tuisceana. Scrúdaíonn an t-ealaíontóir Seactách, Waylon Gary White Deer, na naisc spioradálta agus stairiúla idir an Náisiún Seactách agus muintir na hÉireann, naisc atá fréamhaithe i dtráma an easáitithe a d’fhulaing siad beirt agus i síntiús cáiliúil na Seactách le linn an Ghorta Mhóir.
Ar ndóigh, níor cheap gach imirceach Éireannach ná a sliocht gur naimhde iad na Chéad Náisiúin. Chonaic leithéidí Mhicí Mhic Gabhann, a rugadh i nDún na nGall, cosúlachtaí suntasacha idir streachailt na ndúchasach agus an cruatan a bhí sa bhaile in Éirinn. Bhí daoine eile ann, ar nós James Mooney, antraipeolaí Meiriceánach arbh as Éirinn dá thuismitheoirí, a chuaigh a chónaí i measc treibheanna cosúil leis na Lacótach agus a thaifead a dtraidisiúin chultúir, meas mór á léiriú aige dá réir ar a n-iarrachtaí ar an fhéiniúlacht a chaomhnú ainneoin an fhoréigin choilínigh.
Mar sin féin, bhí iarmhairtí tromchúiseacha ag frithbheartaíocht na nDúchasach agus nuair a thángthas ar ór sna Black Hills naofa, méadaíodh ar an teannas nó gur troideadh Cogadh Mór na Suach in 1876. Go leor de na hÉireannaigh a d’imigh ar imirce le linn an Ghorta Mhóir, chuaigh sé crua orthu obair a fháil i Meiriceá agus liostáil cuid acu in Arm na Stát Aontaithe. Ba dá ndualgais é, dá réir, an daonra dúchasach a ghlanadh óna dtailte. Throid siad agus fuair go leor acu bás ar son Arm na Stát Aontaithe ag Cath Little Bighorn, ina measc an Captaen Myles Keogh, agus bhí go leor saighdiúirí Éireannacha i láthair arís ag Sléacht Wounded Knee. Ba é a d’admhaigh an marthanóir deireanach, Hugh McGinnis, níos faide anonn, go raibh sé cráite ag na huafáis a chonaic sé an lá sin.
Críochnaíonn Éire agus Na Chéad Náisiúin le machnamh corraitheach ón staraí Lacótach Dakota Wind Goodhouse, ina gceanglaítear traidisiúin ársa na hÉireann le traidisiún seanda na Lacótach agus ina dtugann sé gairm chumhachtach chun athmhuintearais agus cuimhneacháin. Is scannán ceannródaíoch é seo a thugann aghaidh ar dheighilt dhomhain laistigh de shícé na hÉireann. Bhí muid inár gcairde agus inár naimhde ag na Meiriceánaigh dhúchasacha. I ndiaidh dúinn a bheith díbeartha ónár dtír féin, chuir muid fúinn ina dtír siúd.