Tuairisceoirí nua ag Nuacht Cúla4

Cóilín Duffy

Tá athrú mór agus spreagúil tagtha ar Nuacht Cúla4 agus an clár nuachta do dhaoine óga ar ais ar an aer arís gach Máirt go hAoine ag 1.30 agus 5.30 tráthnóna ar Cúla4 agus ar YouTube. Tá foireann úr tuairisceoirí roghnaithe le nuacht a thabhairt chuig páistí agus daoine óga ar bhealach úrnua, tarraingteach agus iontaofa. Tá na tuairisceoirí nua lonnaithe ar fud na tíre, rud a chinnteoidh go mbeidh scéalta éagsula á gclúdach ó gach cúige.

Is as Baile Shéamais Dhuibh ar an gCabhán do Rhiann Flemming, bean atá tar éis staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge i nGaillimh. Cé nár tógadh le Gaeilge í, tháinig grá chuici don teanga ar an gCeathrú Rua. Tá taithí aici mar aistritheoir agus mar léiritheoir teilifíse, agus is maith léi am a chaitheamh amuigh faoin aer lena madraí agus cat.

Ó Dheisceart na tíre tagann Róisín Ní Chéileachair, as Dún Chaoin i gCiarraí. Tá cúlra aici i Raidió na Gaeltachta, áit ar chaith sí trí bliana go leith ag láithriú agus ag tuairisciú. Tá paisean aici don scéalaíocht agus don aisteoireacht, agus is minic í ar na cnoic nó ar thránna a háite dúchais.

I dTuaisceart na tíre, beidh Kathryn Ní Mhaoláin i mbun tuairiscí ó Chúige Uladh. As Carn Tóchair ó dhúchas í, agus is ceoltóir í chomh maith le bheith ina tuairisceoir. Tá sí bródúil as a ceantar dúchais agus dúirt sí le An Páipéar, “Tá mé ar bís le mo ról nua mar thuairisceoir Uladh le Nuacht Cúla4! Tá sé mar sprioc againn nuacht iontaofa a chur ar fáil don aos óg agus trust a chothú ina measc.

“Beidh mise ag tuairisciú ar scéalta fud fad Chúige Uladh, agus ríméad orm a bheith ar an chéad tuairisceoir sa ról seo atá lonnaithe sna sé chontae. Má tá scéal nuachta agat, bí i dteagmháil liom!”

Beidh Conor Ó Domhnaill as Tuaim i gceannas ar thuairiscí ó Mhumhain. Tá bunchéim agus máistreacht aige i gcúrsaí Gaeilge agus cumarsáide, agus is mór an spéis atá aige sa spórt agus sa cheol. Is féidir é a fheiceáil go minic ar ardán, mar is breá leis seinm agus canadh os comhair sluaite. Dúirt sé le An Páipéar, “Táim ag súil go mór le scéaltaí Cuige Mhumhan a chlúdach. Tá mé tar éis bogadh go Corca Dhuibne i gCiarraí. Tá na radharcanna go hálainn ann! Táim ag socrú isteach sa cheantar cheana féin agus táim ar bís leis an mbliain atá amach romham. Táim ag tnúth go mór le scéaltaí a chlúdach agus bualadh le daoine óga, dul isteach i scoileanna agus casadh le múinteoirí agus daltaí – agus é ar fad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.”

Is as Méanus i Luimneach do Áine Humphreys, múinteoir agus ceoltóir a bhfuil grá ollmhór aici don chultúr Gaelach. Chaith sí tréimhse i Montana le scoláireacht Fulbright, ag múineadh na Gaeilge do mhic léinn Mheiriceánacha. Tá paisean aici don cheol traidisiúnta agus don spórt, agus beidh sí ag tuairisciú ó dheisceart na tíre.

Tá Katelyn Hayes ar ais i mbliana agus í mar laithreoir agus eagarthóir nuachta. Is as Charraig Chiarraí, iarthar Luimnigh í. Tá taithí aici ar thráchtaireacht spóirt agus bhí deis aici trácht a dhéanamh ar chluichí i bPáirc an Chrócaigh. Tá sí an-mhór lena seanmháthair Annie, agus tógann sí inspioráid óna cuid scéalta.

Leis an bhfoireann éagsúil seo, tá sé soiléir go mbeidh scéalta nuálacha agus fíorspéisiúla le feiceáil ar Nuacht Cúla4 sna míonna amach romhainn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.