Eoin Ó Murchú
Más iad cúrsaí tithíochta, cúrsaí sláinte, an costas maireachtála is forbairt na tuaithe na scéalta is mó san fheachtas toghcháin atá ar siúl, níor chóir go ndéanfaimis dearmad ar an neodracht.
In ainneoin go séanann siad é, is léir ó ghníomhaíocht an rialtais le tamall fada anois go bhfuil Fine Gael agus Fianna Fáil meáite ar chaidreamh níos dlúithe a chruthú idir Éire agus NATO, agus ar chur go mór le caiteachas ar airm mhíleata.
Ag an am céanna, léiríonn suirbhé i ndiaidh a chéile go bhfuil tromlach glan den phobal i bhfabhar Éire a bheith neodrach, ach go bhfuil an tuiscint faoi céard is brí leis sin ag éiri níos éiginnte.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!