Ba léir gur ionsaí gan chúis a bhí ann nuair a chonaic muid na pictiúir ón nGearmáin agus póilín Gearmánach ag tabhairt buile doirn díreach san aghaidh do bhean, Éireannach mar a tharla, a bhí i mbun agóid shíochánta in aghaidh thacaíocht na Gearmáine d’Iosrael is don chinedhíothú atá ar siúl in Gaza.
Bhí an t-ionsaí comh soiléir sin go bhfuil ambasáid na hÉireann sa nGearmáin ag iarraidh míniú ó na húdaráis Ghearmánacha.
Agus cén míniú a fuarthas? Dúirt na Gearmánaigh gur ‘fhulaing’ a bpóilíní léasadh teanga ón lucht agóide. Agus sin é dearcadh na Gearmáine inniu faoi shaoirse chainte nó saoirse gan aontú le polasaí an rialtais.
Ar ndóigh tá an Ghearmáin ciontach mar gheall ar an oidhreacht stairiúil Naitsíoch agus an t-uileloscadh a rinneadh ar phobail Ghiúdacha ar fud na hEorpa sa tréimhse sin.
Is ceart, cinnte, go mbeadh siad ciontach. Ach is fiú a rá arís nach iad na Palaistínigh a rinne an t-uileloscadh ach na hEorpaigh agus na Gearmáinigh go háirithe. Ach is iad na Palaistínigh atá ag íoc as, iad dibrithe amach as a ndúchas agus faoi chinedhíothú anois.
Ach sa deireadh thiar is é an meón céanna a léirigh póilíní na Gearmáine i dtaobh na hagóide i mBeirlín agus an dearcadh a bhí ag póilíní Gearmáineacha in aghaidh na nGiúdach.