Thárla léirsiú glórach i sráid chiúin bhruachbhailteach i mBaile Átha Cliath tráthnóna Dé Sathairn toisc gurb ann atá ambasáid na Gearmáine. Líomhaintí bhrúidiúlacht phóilíní Bheirlín i gcoinne léirsitheoirí ar son na Palaistíne ba chúis leis an léirsiú, go háirithe i dtaobh chás Kitty O’Brien. Tá gearrthóg ar na meáin shóisialta ina bhfeictear Kitty i léirsiú agus póilín á buaileadh san aghaidh faoi dhó le dorn agus fuil ag sileadh óna srón, agus ansin póilíní á gabháil.
Bhí aintín, uncail agus deirfiúr le Kitty i láthair ag an léirsiú i mBaile Átha Cliath. De réir a gaolta agus cairde briseadh lámh Kitty agus tugadh í isteach san oispidéal. Cháin a haintín na póilíní. Tacaíonn a haintín le cás na bPalaistíneach agus deir sí go bhfuil sí bródúil as Kitty.
Is ball den Bhloc Éireannach í Kitty. Ní seo an chéad trioblóid idir póilíní Bheirlín agus Bloc Éireannach. I mí Aibreáin i mbliana gabhadh duine de bharr Gaeilge a labhairt os comhair ambasáid na hÉireann i mBeirlín agus i mí Aibreain 2024 cuireadh bagairt ar chiorcal comhrá a bhí ag caint agus ag canadh i nGaeilge gar don Reichstag, parlaimint na Gearmáine.
De réir aintín Kitty, cuireann an Bloc Éireannach go háirithe isteach ar na póilíní de bharr nach bhfuil sé éasca dóibh iad a cheangal le gnáthdhioschúrsa ciníochach frith-Ioslamach an stáit agus na meán. Mar sin féin, mar a mhaígh na cainteoirí go léir os comhair ambasáid na Gearmáine Dé Sathairn, is ceart sibhialta é léirsiú go síochánta, ceart a bhfuil an Ghearmáin agus an tAontas Eorpach i gcoitinne in ainm a bheith ar a shon.
Rinne aintín Kitty tagairt do Ghaeil eile thar lear agus gaol léi in San Francisco atá páirteach sa dream The Bay for Palestine. Ar fáth éigin, ní dhearnadh tagairt don Bhriogáid Éireannach, atá gníomhach ar son na bPalaistíneach i Londain le fada.
Labhair cainteoirí ag an léirsiú i dtaobh chlaonadh faisisteach stát na Gearmáine le tamall anuas, agus fás dreamanna i bhfad amach ar an eite dheas, a bhfuil fíor-fhrith-Sheimíteachas ag baint leo, in ionad an lipéid a ghreamaíon na húdaráis ar lucht dhlúthpháirtíocht na Palaistíne.
Agus í ag tagairt do fhrithbheartaíocht an stáit, luaigh Róisín MacAleer thar cionn Chearta Sibhialta na hÉireann brúidiúlacht an Gharda Síochána le léirsitheoirí de chuid Ghníomhaíocht Frithimpiriúlach in agóid i gcoinne ECAT ag ambasáid na Beilge i mí Aibreáin i mbliana, nuair a scairdeadh sprae piobair go díreach ina súile agus gur briseadh cos duine acu d’aon ghnó. Dúirt sí go gcaithfidh daoine dlúthpháirtíocht a léiriú dá chéile, go mór mór i gcoinne chos ar bholg an stáit. Dúirt sí freisin go raibh dlúthpháirtíocht á léiriú leis na bratacha a bhí i láthair, an bhratach náisiúnta, an camchéachta agus bratacha na Palaistíne, ceann acu a raibh ‘Saoirse Don Phalaistín’ scríofa i nGaeilge uirthi.
Canadh amhrán Béarla, Only Our Rivers Run Free, agus amhrá Gaeilge, An Dord Féinne, ag deireadh an léirsithe agus ghabh MacAleer buíochas leis na daoine a bhí i láthair a tháinig ar ghearrfhrógra lá amháin.