Tacaíocht na hÉireann don Úcráin pléite ag an Uachtarán Zelenskyy agus an Taoiseach Micheál Martin ar ghlaoch gutháin an tseachtain seo.
Dara Ó Baoill, san Úcráin
Le linn comhrá ar an nguthán an tseachtain seo, ghabh Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, buíochas le hÉirinn agus leis an Taoiseach, Micheál Martin, as tacaíocht a chur ar fáil do thógáil scoileanna faoi thalamh san Úcráin, tacaíocht a chuireann ar chumas níos mó páistí anois staidéar a dhéanamh i bpearsa agus go sábháilte.
Is i mí Aibreáin seo caite a osclaíodh an chéad cheann de na sé scoileanna faoi thalamh a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach, Éire agus an Liotuáin. Scoil i Molodizhne, i réigiún Odesa, agus is féidir léi freastal ar 700 dalta.
I gCathair Kharkiv an tseachtain seo d’fhill thart ar 17,000 as 66,000 de pháistí na cathrach ar scoil i seomraí ranga faoi thalamh. Ina measc siúd bhí buachaill deich mbliana d’aois, Hlib, a bhí ar bís agus é ag dul ar ais ar scoil i bpearsa den chéad uair le trí bliana. “D’fhreastail mé ar scoil ar feadh níos lú ná bliain, agus ina dhiaidh sin níorbh fhéidir liom fiú mo chomhscoláirí a fheiceáil… anois beidh mé in ann mo chairde a fheiceáil agus mo lámh a ardú sa rang. Feicfidh an múinteoir mé!” a dúirt sé in alt ar anhcr.org a foilsíodh Dé Luain.