Cathal Ó Murchú
Tá cuid mhaith géarcheimeanna eiseacha ag teannadh ar an Ríocht Aontaithe. Ar an gcéad dul síos tá caint ann faoi chúrsaí airgeadais agus an fhéidearthacht go mbeidh gá le tarrtháil airgeadais. Tá sochaí na Ríochta Aontaithe níos éagothroime ná mar a bhí riamh. Tá ceist na himirce ag cothú buartha do chuid mhaith den phobal agus tá borradh i ngluaiseachtaí náisiúnacha scarúnaíocha, in Albain, sna sé chontae i dtuaisceart na hÉireann agus sa Bhreatain Bheag.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil drochbhail ar chúrsaí airgeadais sa Ríocht Aontaithe sa chaoi go bhfuil neart cainte agus plé ann faoin bhféidearthacht go rachaidh an rialtas go dtí an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus chun tarrtháil airgeadais a lorg uathu. Níl aon ráiteas curtha amach ag rialtas an Phríomh-aire Starmer a thugann aon leid go bhfuil beart den chineál seo ar intinn acu anois, ach tá méadú ar scéalta faoin ábhar seo sna meáin ar nós BBC, The Guardian, The Telegraph, Sky News, Reuters, agus mar an gcéanna sna meáin shóisialta. Ba sna 1970í a bhí an uair dheireanach a lorg an Ríocht Aontaithe tarrtháil ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Ba chúis mhór náire don Ríocht Aontaithe gur tharla sé seo ag an am agus le linn na géarchéime sin tháinig rialtas Thatcher i gcumhacht.
Mar thoradh ar Thatcher agus gach rialtas a lean í ó 1979 i leith, tá sochai na Ríochta Aontaithe níos éagothroime i dtaobh dháileadh an tsaibhris de. Tá teip freisin ar bheagnach gach seirbhís phoiblí dá bhfuil ann agus goilleann sé i bhfad níos measa ar na daoine is boichte sa tsochaí. Tá caighdeán an oideachais agus an leighis ag dul i léig, arís go háirithe do na sraitheanna is ísle den tsochaí. Maraon le neart sochaithe eile, tá cúrsaí tithíochta ag dul in olcas chomh maith, le praghsanna tithe agus cíosanna ró-ard.