Tá an stailc rúnaithe agus feighlithe scoile faoi lánseol. Is stailc ar feadh tréimhse éiginnte í agus tá sí ann de bharr nach bhfuil na rúnaithe agus feighlithe i dteideal an phinsin earnála poiblí chéanna a fhaigheann muinteoirí agus cúntóirí riachtanais speisíalta a oibríonn sna láithreacha céanna. Níl cuma ar an scéal go bhfuil réiteach ar na bacáin agus tá sé ráite ag Fórsa, ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar na rúnaithe agus feighlithe, gur údar díoma é seo.
Dúirt siad freisin áfach go bhfuil sé an-mhaith an tacaíocht atá á fháil ón bpobal a fheiceáil. Meastar go bhfuil thart ar 2,500 dóibh i mbun gníomhaíocht thionsclaíoch faoi láthair. I scoileanna áirithe tuairiscítear nár thrasnaigh roinnt cúntóirí riachtanais speisíalta an line phicéid chun tacaíocht a léiriú dá gcomhchleacaithe atá ar stailc.