Jenna Goulding

Bhí an Ghaeilge ag croílár na Picnice Leictrí i mbliana. I ngach gné den fhéile, bhí an Ghaeilge le feiceáil. ón tús, ar an tsiúlóid uafásach ón gcarrchlós go dtí an láthair champála, bhí comharthaí treorach dátheangacha le feiceáil.

Chruthaigh an láthair champála An Ghaeltacht áit álainn chun an Ghaeilge a labhairt agus a cheiliúradh. Is léir go bhfuil éileamh ar an láthair champála seo mar ní raibh ticéad fágtha don champáil réamháirithe seo. Bhí geataí an láthair champála seo maisithe le comharthaí éagsúla i nGaeilge.

Bhí raon leathan imeachtaí ar siúl don phobal Gaeilge ar feadh an deiridh seachtaine. Bhí sluaite móra ag na himeachtaí seo go léir. Bhí meascán de chainteoirí líofa agus iad siúd nach raibh ach cúpla focal acu nó díreach suim sa teanga i láthair.

Bhailigh sluaite móra le haghaidh an phodchraolta bheo How to Gael le Síomha Ní Ruairc, Doireann Ní Ghlacáin agus Louise Cantillon. Bhí Eoin Keane ann mar Cheann Comhairle agus aoichainteoir speisialta May Kay. Bhí an-spraoi ag na cailíní ag idirghníomhú leis an slua sa phuball Mindfield le haghaidh Ard-Fheis How to Gael.

Cuireadh an Ghaeilge san áireamh i ngach réimse den fhéile, agus ainmníodh lár an hairéine i nGaeilge, Croí. Bhí réimse grúpaí ag seinm ceol traidisiúnta ar stáitse Realign oíche Dé hAoine. Bhailigh an stáitse bríomhar seo daoine le chéile chun cuid de chultúr saibhir na hÉireann a cheiliúradh.

Bhí An Chollchoill lán le slua mór le linn an deiridh seachtaine. Sheinn John Spillane ann oíche Dé hAoine. Bhain an slua taitneamh as a chuid amhráin chlasaiceacha, chomh maith lena amhrán nua Bean Feasa.

Ba bhuaicphointe den deireadh seachtaine na gníomhaíochtaí éagsúla i nGaeilge. Is cinnte go leanfaidh láithreacht na Gaeilge ar aghaidh sna blianta amach leis an éileamh ollmhór. Le cúnamh Dé, beidh níos mó Gaeilge le feiceáil ar an bpríomhstáitse an bhliain seo chugainn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.