Tacaíocht ollmhór do Kneecap ag an bPicnic Leictreach!

Jenna Goulding

D’fhill Kneecap ar an bPicnic an deireadh seachtaine seo caite. In ainneoin na drochaimsire agus na báistí, tháinig na mílte go dtí an príomhstáitse dá dtaispeántas.

Is grúpa iontach iad chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach tarraingteach. Bhí fadhbanna cinsireachta ag an ngrúpa sna míonna beaga roimhe seo mar gheall ar a n-ábhar lán le téamaí sóisialta, polaitiúla, agus cultúrtha.

Bhí an slua lán le lucht tacaíochta ar gach aois. Bhí atmaisféar beoga ar an stáitse le gach duine ag canadh na n-amhrán i nGaeilge. Bhí an-spraoi ag an ngrúpa ag idirghníomhú leis an slua, ag spreagadh log maiseála. Ina theannta sin, bhí DJ Provaí ag surfáil an tslua agus ag snámh na lámh.

Chuir Melvin Benn, stiúrthóir na féile a ghealltanas i bhfeidhm, agus bhí saoirse chainte ag Kneecap ag an bhféile. Bhain siad úsáid as a n-ardán ag an bhféile chun feasacht a mhúscailt ar shaincheisteanna polaitúla atá tábhachtach dóibh.

Rinne an grúpa neamhaird ar a gcosc ón Ungáir. Chomh maith leis sin, phléigh siad saincheisteanna éagsúla in Éirinn agus sa Phalaistín.

Sheinn Kneecap i mBéal Feirste an oíche roimhe. Dúirt Mo Chara go raibh sé go deas le bheith sa bhaile. Bhain an triúr úsáid as a n-ardán ag féile Vital chun a dtuairimí a chur in iúl.

Bhí go leor de na gníomhartha agus na príomhtharraingtí eile buíoch as an tsaoirse cainte ag an bPicnic Leictreach. Bhain Hozier úsáid as an tsaoirse chainte ina léiriú oíche Dé Aoine. Mhol sé tacaíocht mhuintir na hÉireann don Phalaistín agus cháin sé an Banc Ceannais.

Bhí Becky Hill buíoch freisin as an tsaoirse chainte le linn a taispeántais Dé Domhnaigh. “Den chéad uair riamh theastaigh uaim rud éigin a rá beo faoi na rudaí atá ag tarlú ar fud an domhain le déanaí”. Ghlac sí sos le linn a taispeántais le saincheisteanna a phlé.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.