Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Is sa Cheathrú Ghaeltachta ar Bhóthar na bhFal atá an t-aon Gaelcholáiste i mBéal Feirste suite. San alt seo foghlaimeoimid faoi scoil fhíor-radacach.
Nuair a bunaíodh Coláiste Feirste (Meánscoil Feirste a bhí ann ag an am) in 1991 ní raibh ach 9 ndalta sa scoil. Sa lá atá inniu ann tá líon na ndaltaí beagán níos lú ná 1,000. Bhí an scoil suite san fhoirgneamh ina bhfuil Cultúrlann McAdam Ó Fiaich sa lá atá inniu ann. Faoi láthair tá sí i dTeach Ard na bhFeá, níos faide síos Bóthar na bhFál.
Tá síolta na scoile suite i gcomhthéacs an cheantair. Sna 1960í bhí fonn ar dhaoine óga sa cheantar an Ghaeilge a fhoghlaim agus í a chur chun cinn mar theanga phobail. Tósaíodh pobal Gaelach ar Bhóthair Sheoighe in Iarthar Bhéal Feirste. Bhí fonn orthu a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge agus chun é sin a dhéanamh bhí scoil de dhíth. Faoi 1971 bhí 9 bpáiste ina gcónaí sa phobal Gaelach. Bhí bunscoil bunaithe ag na tuismitheoirí chun freastal ar a bpáistí, ach go gairid ina dhiaidh sin d’fhás líon na ndaltaí agus tháinig níos mó daltaí ó taobh amuigh den phobal Gaeilge. Bhí go leor rudaí ina gcoinne, mar shampla bhí contúirt ann go gcuirfí i bpríosún na tuismitheoirí mar ní raibh an scoil cláraithe go hoifigúil leis na húdaráis, ach d’éirigh leo ar aon nós. In 1984 bhí stádas deonach faighte ag an scoil, rud a chiallaigh go raibh siad i dteideal deontas agus tacaíochtaí stáit.
An fhadhb a tháinig ina dhiaidh sin ná ní raibh meánscoil ar fáil do na daltaí a bhí ag iarraidh leanúint ar aghaidh lena n-oideachas dara leibhéal trí Ghaeilge. Réitíodh an fhadhb sin nuair a bunaíodh Coláiste Feirste. Is scoil den chéad scoth é Coláiste Feirste atá ag freastal ar mhuintir Bhéal Feirste le tríocha bliain anuas agus tá neart daoine cáiliúla i measc iarscoláirí na scoile: Liam Óg Ó hAnnaidh (Mo Chara), Aisling Reilly agus Conor Mac Néill gan ach roinnt bheag a lua.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cá háit a bhfuil Coláiste Feirste?
- Cathain a bunaíodh an scoil?
- Cé mhéad dalta a bhí ann nuair a tosaíodh an scoil?
- Cé mhéad dalta atá sa scoil anois?
- Scríobh dhá phíosa eolais faoin bpobal Gaeilge ar Bhóthar Sheoighe.
- Cén deacrachtaí a bhí ag na tuismitheoirí a bhí i gceannas ar an mbunscoil?
- Ainmnigh beirt a d’fhreastail ar Choláiste Feirste.