FOILSITHEOIR: Picnic Press
ÚDAR: Sadhbh Rosenstock
MAISITHEOIR: Ciara Ní Dhuinn
Ag tús an scéil aoibhinn seo casann muid le Nell agus Joe atá ag fanacht thar oíche i dteach Mhamó den chéad uair riamh. Buaileann an imní iad. Caithfidh Mamó agus Aintίn na mίlte rudaί a dhéanamh chun iad a chur ar a sáimhín só. Is scéal grámhar, brίomhar, lán le croί é seo chun an ceann is fearr a fháil ar an imní a bhíonn ar pháistί.
Tá an leabhar chomh barrúil agus spraíúil sin go mbeidh tú ag rachtaíl gáire! Is pictiúrleabhar gleoite é a bhaineann le buairt agus tuiscint na gcarachtar. Ach tá neart rírá agus ruaille buaille idir na carachtair ann freisin. Chomh maith le sin, bhain mé an-sult as an bhfriotal nádúrtha atá fite fuaite sa leabhar, nί hamháin go bhfuil an teanga ann chun an scéal a mhiniú dúinn ach chun saibhreas na teanga a fhás agus a fhorbairt ionann.
Tá an leabhar seo oiriúnach do pháistí a bhfuil Gaeilge mhaith acu nó éinne atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Scéal deas bríomhar é Nell agus Joe i dTeach Mamό atál iontach oiriúnach le húsáid i scoileanna ó Rang 1 go Rang 4 nó sa bhaile leis an teaghlach. B’fhearr an leabhar seo a léamh os ard ar dtús báire!
Tá sé ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Réics Carlό mar chuid de ghradaim foilsitheoireachta an Oireachtais in 2025.