Puiteachaí & airní Inis Meáin

Aedín Ní Thiarnaigh

Beidh Féile na bPuiteachaí á ceiliúradh arís in Inis Meáin go luath, ó thráthnóna Dé hAoine an 19 Meán Fómhair go Dé Satharn an 20 Meán Fómhair. Agus an ceathrú bliain den fhéile ag teannadh linn, is mór is fiú dúinn breathnú siar ar an méid atá bainte amach againn le blianta beaga anuas ó thaobh an bhéaloidis de. 

Ó bhunaíomar an fhéile siar in 2022, tá na croíluachanna céanna againn. Tá na ‘puiteachaí’, focal canúnach in Inis Meáin do sméara dubha, ag croílár na n-imeachtaí go léir, ach cuirtear an-bhéim go deo ar an oidhreacht, ar chultúr agus ar bhéaloideas Inis Meáin chomh maith. 

Chaith mé seal i le déanaí ag póirseáil trí na nótaí a chruinníomar siar in 2023 mar shampla, nuair a thugamar faoi thogra bailithe béaloidis mar chuid den fhéile. Scaip muid ceistneoir ar muintir na háite agus d’oibríomar i gcomhar le Scoil Náisiúnta Inis Meáin chun béaloidis a bhailiú maidir le torthaí fiáine an fhómhair.

Bhailíomar roinnt scéalta go gcloistear a macasamhail ar fud na hÉireann fós, amhail go mbíonn an púca i mbun diabhlaíochta leis na puiteachaí Oíche Shamhna agus nár cheart do dhaoine iad a phiocadh i ndiaidh na hoíche sin. Athraíonn sonraí an scéil seo ó dhuine go duine i ndiaidh an phointe seo; déarfaidh roinnt daoine leat go gcaitheann an púca seile ar na torthaí an oíche úd, ach déarfaidh cuid eile go mbíonn sé ag déanamh a chuid uisce orthu, nó ag cac orthu fiú – mo léan! 

Bhailíomar scéalta eile an bhliain sin in Inis Meáin nach bhfuil chomh fairsing in áiteanna eile áfach. Chualamar roinnt cuntas faoi mar a bhaintí leas as na driseacha fadó, cuir i gcás; chun gabhair a bheathú mar shampla, nó chun an simléar a ghlanadh. Cheanglaítí iad le rópa a tharraingítí suas síos an simléar i mí na Samhna, sula dtiocfadh Daidí na Nollag an chéad mhí eile! 

Scéalta eile ar chuir mé féin suim mhór iontu agus nár chuala mé roimhe ná go mbítí ag cur driseacha sa díon faoin tuí fadó ar an oileán sa chaoi is nach dtitfeadh an tuí isteach trí na rachtaí, agus go mbítí ag dó driseachaí le fataí a bhruith do na muca freisin. 

Díol spéise eile ná ainmneacha áitiúla in Inis Meáin do na plandaí fiáine. Is annamh a chloisfeá an focal ‘draighean’ in Inis Meáin mar shampla, agus ‘sceach airní’ atá i bhfad níos coitianta anseo. Tá difear idir cineálacha éagsúla den phlanda seo ar an oileán go fiú; má tá an sceach aibí agus láidir agus é ag fás as scoilt sa chreig, tugtar ‘cosán’ ansin uirthi, agus bhíodh an-tóir ar na cosáin seo. Bhíodh cáil orthu mar ábhar maith don tine, agus deirtear go mbíonn na hairní a fhásann ar an gcosán i bhfad níos milse freisin ná iad siúd a d’fhásfadh ar an sceach. 

Bhíodh na hairní siúd á mbailiú ar na creaga mar a bheadh milseáin ann ag deireadh an fhómhair, bheidís milis an tráth sin, i gcomparáid le luath sa séasúr nuair a bhíonn siad glas ar an taobh istigh agus géar. 

An seanchas is spraíúla i dtaobh na n-airní b’fhéidir ná go mbíodh páistí Inis Meáin ag déanamh ‘fíon’ astu. Chuiridís roinnt airní aibí i mbuidéal le beagán uisce agus chuirtí é sin faoin gcréafóig ar feadh coicíse nó mar sin – tráth go dtógfaidís an deoch bhlasta amach le sláinte a ól!

Ba cheart dom a lua gur fíorbheagán alcóil a bheadh sa mhanglam úd, dá mba ann dó in aon chor. Ach ná ligfimis dó sin an scéilín deas seo, ná ‘fíon’ Inis Meáin a loit!

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.