Príomh-irischraoltóir nua nuachta agus cúrsaí reatha le ceapadh ag Raidió Fáilte

Cóilín Duffy

Tá folúntas tábhachtach fógartha ag Raidió Fáilte agus iad ag lorg príomh-irischraoltóir nuachta agus cúrsaí reatha don stáisiún. Labhair An Páipéar le Cillian Breatnach, bainisteoir an stáisiúin, faoin ról nua seo agus faoin bhfís atá aige do thodhchaí na hiriseoireachta Gaeilge i mBéal Feirste.

“Tá an post seo thar a bheith lárnach dúinn,” a mhíníonn sé. “Is é croílár an stáisiúin an nuacht agus na cúrsaí reatha, agus táimid ag iarraidh duine a cheapadh a mbeidh fís, fuinneamh agus scileanna cumarsáide aige nó aici chun an méid sin a threorú.”

Is post dúshlánach é, ach tá deis iontach ann freisin, dar le Breatnach. “Tá seans ag an té a ghlacfaidh leis an ról seo a bheith i gceannas ar chlúdach nuachta i gcroílár phobal na Gaeilge i mBéal Feirste. Beidh siad ag plé le scéalta a bhaineann le háitiúlacht, leis an pholaitíocht, leis an chultúr agus leis an tsaol laethúil, rud a choinníonn ár lucht éisteachta dílis dúinn.”

Thug an bainisteoir moladh ar leith don té a bhí sa phost roimhe seo, Jack Mac Íomhair. “Rinne Jack obair iontach mar phríomh-irischraoltóir nuachta agus cúrsaí reatha. Thug sé ardchaighdeán gairmiúlachta agus dúthracht leis, agus chuir sé a rian féin ar an stáisiún. Tá buíochas mór againn dó as a chuid seirbhísí.”

Dar le Breatnach, tá forbairt shuntasach déanta ag Raidió Fáilte le blianta beaga anuas agus tá deis ann anois tógáil ar an dúshraith sin. “Tá áiseanna nua-aimseartha againn, stiúideonna atá ar chaighdeán idirnáisiúnta, agus foireann atá lán díograise. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis an té a bheidh sa phost nua obair a dhéanamh i dtimpeallacht atá spreagúil agus tacúil.”

Thug sé le fios gur stáisiún pobail é Raidió Fáilte atá oscailte do dhaoine ó gach aoisghrúpa agus ó gach cúlra. “Is stáisiún muid a chuireann fáilte roimh chách. Táimid ag iarraidh ardán a thabhairt don phobal agus d’fhoghlaimeoirí chomh maith le cainteoirí dúchais. Mar sin, beidh ról ag an phríomh-irischraoltóir nua i múnlú guthanna éagsúla agus i gcur i láthair scéalta a léiríonn éagsúlacht na Gaeltachta uirbí.”

Tá sé ag súil go mbeidh spéis ag iriseoirí óga agus agus daoine a bhfuil taithí acu chomh maith sa ról seo. “Is deis é do dhuine a bhfuil paisean aige don Ghaeilge agus don iriseoireacht. Tá an Ghaeilge beo bríomhar i mBéal Feirste, agus is féidir le Raidió Fáilte guth a thabhairt do na scéalta sin. Beidh sé seo ina chéim mhór don té a ghlacfaidh leis an fhreagracht.”

Dúirt sé go soiléir freisin go bhfuil tacaíocht iomlán ón stáisiún ann. “Ní bheidh an té a thiocfaidh isteach fágtha leo féin. Tá foireann thacúil ann, tá oiliúint agus tacaíocht leanúnach againn, agus beidh gach deis ann forbairt ghairmiúil a dhéanamh. Creidim go fírinneach gurb é seo ceann de na poist is spéisiúla i réimse na meán Gaeilge faoi láthair.”

Tá súil ag Breatnach go mbeidh iarratasóirí cróga sásta an deis a thapú. “Tá muid ag lorg duine a thabharfaidh a ghuth féin don nuacht agus a chuideoidh linn leanúint ar aghaidh ag cur seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha ar ardchaighdeán ar fáil don phobal.”

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.