Rírá agus rith – pobal reatha nua Gaeilge i Londain

Cóilín Duffy

Tá pobal úrnua ag cur borradh faoin nGaeilge i gcroílár Londan, agus é bunaithe ar rith agus ar shóisialú. Tugtar Rírá agus Rith ar an tionscnamh, agus tá sé dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht chairdiúil agus iad i mbun aclaíochta.

Is é Kevin McQuillian, fear de bhunadh Chill Chainnigh agus iariomaní le na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath, an té atá taobh thiar den tionscadal. Mhínigh sé gur tháinig an smaoineamh as an meascán idir an grá atá aige don Ghaeilge agus an tsuim atá aige sa spórt. “Ba mhaith liom spás a chruthú ina bhféadfadh daoine bualadh le chéile trí mheán na Gaeilge, ach gan é a bheith rófhoirmiúil. Tá rith simplí, saor in aisce agus inrochtana ag gach duine, agus sin a oireann dúinn go hiontach,” a dúirt sé.

Buaileann an grúpa le chéile ag ionaid éagsúla timpeall Londan, agus is féidir le reathaithe de gach caighdeán páirt a ghlacadh. Ní hamháin gur deis é do dhaoine a bheith ag rith, ach tá an bhéim chomh mór céanna ar an taobh sóisialta, cairde nua a dhéanamh agus Gaeilge a labhairt gan stró. “Is minic a bhíonn sé deacair Gaeilge a úsáid i gcoitinne i Londain, ach nuair a bhíonn tú ag rith i ngrúpa, tagann an chomhrá go nádúrtha. Níl brú ar éinne agus cruthaítear atmaisféar cairdiúil,” a dúirt Kevin.

Tá cuntas Instagram ag an ngrúpa, @rithldn, agus is ansin a chuirtear sceideal reatha agus grianghraif fhuinniúla ar fáil. Dar le Kevin, cabhraíonn sé leis an bpobal níos leithne teacht ar an ngrúpa. “Tá na meáin shóisialta riachtanach chun daoine nua a mhealladh. Feiceann siad gur pobal oscailte muid agus go mbíonn spraoi chomh tábhachtach céanna agus atá an aclaíocht féin,” a mhínigh sé.

Tá Rírá agus Rith oscailte do chách, beag beann ar a leibhéal Gaeilge nó a luas reatha. Deir Kevin gurb é an sprioc fhadtéarmach ná pobal láidir Gaeilge a chruthú i Londain a choinneoidh ag fás sna blianta amach romhainn. “Is í an Ghaeilge an nasc atá againn uilig, ach is é an cairdeas a choimeádfaidh muid ag rith. Sin é croí an scéil,” arsa sé.

Agus iad ag glacadh leis an mana “rírá, rith agus cairdeas”, tá sé soiléir go bhfuil gluaiseacht bheoga úrnua ag teacht chun cinn i measc lucht na Gaeilge i Londain.

Tosaíonn Rírá agus rith Dé Sathairn seo chugainn an 13 Meán Fómhair ag a 10 ar maidin i Clapham Common.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.