Éire faoi bhagairt ag taraifí Trump

Cathal Ó Murchú 

Tá sé fógartha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go ngearrfar taraifí sa bhreis ar aon tír a dhéanann iarracht na comhlachtaí mórtheicneolaíochta Meiriceánacha a rialú ar aon bhealach, nuair a dúirt sé ar a ardán Truth Social go “seasfar suas i gcoinne tíortha a dhéanann ionsaí ar ár gcomhlachtaí dochreidte mórtheicneolaíochta Meiriceánacha.”  Go bunúsach is beart é seo a dhéanann beag is fiú de fhlaitheas tíortha eile sa chaoi go ngearrann tír mhór chumhachtach ar nós na Stát Aontaithe dlí eachtrach ar thír neamhspleách, ar nós Éireann, a bhfuil níos lú cumhachta acu.

Beidh an focal deireannach ag rialtas Trump, ar ndóigh, le breithiúnas a thabhairt an bhfuiltear ag caitheamh go dona leis na comhlachtaí mórtheicneolaíochta seo ó na Stáit Aontaithe. 

Cé nár luadh Éire go sonrach i dtaobh an bhirt seo, is léir go bhfuil sé dírithe ar bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus i dteannta an bhirt seo, gearrfar smachtbhannaí ar oifigigh áirithe, rud nach ndéanfar ach go fíorannamh i gcás cogadh trádála den chineál seo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.