
Beidh Raidió na Life lonnaithe mar a bhíonn gach bliain sa Phuball Gaeilge, ceartlár na Gaeilge ag an bPicnic Leictreach, agus iad ag tnúth go mór le féile spleodrach eile lán de scoth na siamsaíochta, idir cheol is chaint is chraic, go hiomlán trí Ghaeilge, ag an bhféile cheoil is mó in Éirinn.
Ar bhuaicphointí an Phubaill i mbliana, beidh díospóireacht speisialta á óstáil ar an Satharn ag Scéal le painéal d’aíonna an-speisialta: Catherine Connolly T.D, iarrthóir i dToghchán na hUachtaránachta 2025, Alan Titley, Eoghan Ó Ceannabháin agus John Prendergast; cluiche speisialta What the Focal? le Ciara Ní É, Cormac Breathnach, Eoin P. Ó Murchú agus Aideen McQueen; agus seisiún plé mar gheall ar an scannánaíocht trí Ghaeilge le Colm Bairéad (stiúrthóir, An Cailín Ciúin), Úna Ní Dhonghaile (eagarthóir Belfast; The Crown), Rónán Ó Muirthile (ceann scoile ar Dhámh na Scannánaíochta, na nEalaíon agus na dTeicneolaíochtaí Cruthaitheacha, Institiúid Ealaíne, Dearaidh agus Teicneolaíochta ) agus Deirbhile Ní Churraighín (eagarthóir coimisiúnaithe, TG4), i mbun cainte le Rossa Ó Sioradáin.

Beidh scoth an cheoil le cloisteáil agus le feiceáil sa Phuball le linn an deireadh seachtaine ar fad freisin. Ag Club na Life Raidió na Life ar an Satharn, beidh ceol beo ó Amano, The Gladstone Band, Avenue 68, Empty Internet, Clada, Leevy, agus Caoimhín Ceoil; le neart ceoltóirí iontacha eile le cloisteáil le linn an deireadh seachtaine ar fad – ag Fáilte na Gealaí le Féile na Gealaí agus Raidió Fáilte ar an Domhnach agus le Nasc á chur i láthair ag Féile Nasc Dé hAoine.
Beidh dhá chlár speisialta ag Raidió na Life beo ón bPicnic Leictreach ó 6pm go 7pm ar an Satharn agus ar an Domhnach, ar 106.4FM i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus ar líne ar www.raidionalife.ie i ngach áit eile, agus beidh neart agallamh agus físeán agus an nuacht is déanaí ón bhféile le feiceáil agus le cloisteáil ar mheáin shóisialta Raidió na Life i gcaitheamh an deireadh seachtaine ar fad @raidionalife agus @anpuballgaeilge agus ar leathanach Soundcloud Raidió na Life.
Tá Raidió na Life agus Rossa Ó Snodaigh ón ngrúpa Kíla ag stiúradh an Phubaill Gaeilge ag an bPicnic Leictreach ó bhí 2008 ann agus tá Foras na Gaeilge mar phríomhurraitheoir ar an bPuball ó bhí 2023 ann.