A Uasail Trump – ní rabhamar ach ag magadh. Maith dúinn é

Táimidne, ar Éireannaigh sinn, an-bhuartha faoi cé a shuíonn san Oifig Ubhchruthach, agus a chúis sin againn. Is ionann na Stáit Aontaithe agus an t-ollstát is cumhachtaí ar domhan, go fóill ar aon nós; agus dá réir sin, tá a ladar curtha aige i ngach aighneas idirnáisiúnta. Tá na huirlisí troda aige chun an status quo a láidriú nó a bhriseadh in áit ar bith ar domhan; den chuid is mó ar aon nós. Ná déanaimis dearmad ar Vítneam.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!